Smaoinigh ar an Airgintín agus cad a thagann chun cuimhne? Sléibhte maorga na nAindéas? Hallaí rince Buenos Aires? Gauchos – buachaillí bó – na steipe? Ní dócha go gcuimhneofá ar eisteddfodau ná seomraí tae ina ndíoltar sruáin agus bara brith.

Tá pobail Bhreatnacha sa Phatagóin le os cionn 160 bliain, áfach. Bhunaigh lonnaitheoirí Breatnacha Y Wladfa (‘an choilíneacht’) in 1865, arna spreagadh ag fís an mhinistir Michael D. Jones. Mhol Jones go mbunófaí stát Breatnach áit éigin i bhfad ó thionchar Shasana, mar arbh fhéidir le teanga, cultúr agus creideamh na Breataine Bige bláthú.

Tháinig claochlú ar an tsaol sa Bhreatain Bheag sa chéad leath den naoú haois déag de bharr na réabhlóide tionsclaíche. Cé go raibh an Bhreatnais fós measartha folláin ag an phointe sin, chonaic daoine áirithe drochthuar sna hathruithe. Ba ríléir freisin an dímheas a bhí ag údaráis Shasana ar an Bhreatnais. In 1847, fostaíodh triúr abhcóidí Sasanacha (nach raibh aon chur amach acu ar an Bhreatnais) chun athbhreithniú a dhéanamh ar staid an oideachais sa Bhreatain Bheag: ina dtuarascáil, mhaígh siad go raibh “an Bhreatnais ina míbhuntáiste mór don Bhreatain Bheag agus ina bac roimh dhul chun cinn morálta agus rath tráchtála an phobail”.

Tháinig méadú mór ar an imirce sa naoú haois déag chomh maith. Is iomaí duine a thug aghaidh ar chríocha i gcéin, sa tóir ar shaol níos fearr, ar eachtra nó ar shaoirse pholaitiúil nó chreidimh (bhí cuid mhór de na Breatnaigh ina gComhthionólaithe, ina mBaistigh agus ina Meitidistigh, agus bhí an dearg-ghráin ag an phobal ar dheachúna na hEaglaise Bunaithe).

…de thoradh Y Wladfa a bhunú, bhí páirt ag na Breatnaigh i ndíshealbhú na mbundúchasach agus in uaillmhian fhorleathnaitheach na hAirgintíne.

Bhí Michael D. Jones tar éis tréimhse ghairid a chaitheamh in Cincinnati, Ohio, ag deireadh na 1840idí. Ba ann a chonaic sé an chaoi a raibh lonnaitheoirí Breatnacha á gcomhshamhlú i sochaí Mheiriceá: laistigh de ghlúin nó dhó, is minic a bhí a dteanga, a gcultúr agus a gcreideamh caillte acu. Is é an chonclúid a bhain sé as an mhéid sin ná gur ghá áit a aimsiú ina mbeadh eisimircigh Bhreatnacha saor ó bhrú an Bhéarla agus ina mbeadh smacht acu ar institiúidí rialachais.

In 1861, tháinig grúpa le chéile i Learpholl, mar ar cuireadh cumann ar bun chun aisling Jones a fhorbairt agus a chur chun cinn. Thosaigh siad ag fiosrú tíortha óstacha féideartha. Ag an am céanna, baineadh leas as líonraí na n-eaglaisí neamhaontacha chun lonnaitheoirí a earcú le haghaidh na coilíneachta nua.

Ag pointe éigin, luaigh ball den chumann an Phatagóin. Bhí an Airgintín ag iarraidh a smacht a leathnú agus an lámh in uachtar a fháil in aighneas leis an tSile faoi cheisteanna talún. Bhí siad sásta talamh a thabhairt do lonnaitheoirí saor in aisce ach iad glacadh le húdarás na hAirgintíne.

Sa lá atá inniu ann, tá an Bhreatnais fós le cluinstin sa Phatagóin, cé nach labhraítear í mar theanga phobail a thuilleadh.

In 1862, chuaigh Lewis Jones agus an Captaen Thomas Love Jones-Parry chun na Patagóine chun bualadh leis an Aire Gnóthaí Baile, Guillermo Rawson. Thug siad cuairt ar Ghleann Chubut, an ceantar a bhí á thairiscint ag an Airgintín. Cé nach raibh mórán eolais acu ar chúrsaí talmhaíochta, agus cé nár chaith siad ach seachtain ann, thuairiscigh siad go raibh sé fóirsteanach le haghaidh thionscadal na heisimirce.

D’fhág an long Mimosa Learpholl ag deireadh mhí na Bealtaine 1865 agus 153 imirceach Breatnach ar bord. Tháinig siad i dtír ar chósta na hAirgintíne dhá mhí ina dhiaidh sin, in áit ar thug siad Porth Madryn uirthi.

Ach nach ansin a baineadh mealladh astu! Ní raibh aon iomrá ar na tailte méithe ná ar an stór a gealladh dóibh. Is dócha nach d’aon turas a tugadh faisnéis mhíthreorach do na lonnaitheoirí ach mar gheall ar aineolas agus ródhóchas na n-eagraithe mar aon le cúpla míthuiscint – ach bíodh geall gur chuala Lewis Jones, an t-aon duine de cheannairí chumann na himirce a d’aistrigh chun na hAirgintíne, go leor casaoidí.

Gan rompu ach tírdhreach sceirdiúil neamhthorthúil, chinn na Breatnaigh taisteal isteach faoin tír. Tar éis turas deacair, shroich siad Gleann Chubut, mar ar bhain siad fúthu.

Mar sin féin, bhí an cruatan i ndán don phobal i luathbhlianta na lonnaíochta. Ní raibh ach beagán de thalamh torthúil le fáil cois na habhann, agus is iomaí uair a cailleadh idir bharra agus áitribh de dheasca tuilte tubaisteacha. Múineann gá seift, áfach, agus le himeacht aimsire, chuaigh na lonnaitheoirí i dtaithí ar an aeráid. Cheap siad córais uisciúcháin ionas go bhféadfaí tuilleadh talún a úsáid. Tháinig tuilleadh imirceach anall as an Bhreatain Bheag, agus de réir a chéile, leathnaíodh Y Wladfa.

Níor bhain sé i bhfad as na Breatnaigh institiúidí a bhunú chun tacú lena bpobal nua, lena n-áirítear séipéil, scoileanna agus fiú cúirteanna neamhoifigiúla. Ba í an Bhreatnais a úsáideadh i ngach ceann díobh. Cuireadh nuachtán lámhscríofa ar bun in 1868 agus cuireadh páipéir eile i gcló ina dhiaidh sin, inar foilsíodh nuacht, ábhar reiligiúnach, comhfhreagras agus litríocht.

Cé nár fíoraíodh aisling Michael D. Jones go mbunófaí stát féinrialaitheach Breatnach, a bhuí le hiargúltacht Ghleann Chubut, bhí an Bhreatnais á húsáid i ngach gné den tsaol agus bhí tionchar na n-eaglaisí neamhaontacha le brath go láidir sa lonnaíocht.

Níorbh fhéidir leis an scoiteacht sin maireachtáil, áfach. Ar lámh amháin, bhí ag méadú ar theagmháil na mBreatnach le pobail Spáinnise: forbraíodh bonneagar iompair, lenar cumasaíodh trádáil; d’aistrigh cainteoirí Spáinnise isteach sna pobail Bhreatnacha; agus phós roinnt Breatnach cainteoirí Spáinnise. Ar an lámh eile, bhí ag méadú freisin ar réimse tionchair na hAirgintíne. Nuair a céadbhunaíodh Y Wladfa, ní raibh d’acmhainní ag an stát a údarás a chur i bhfeidhm ar na himeallchriosanna, ach le himeacht aimsire, cuireadh dlíthe, beartas oideachais agus – ó 1901 – an coinscríobh i bhfeidhm sa Phatagóin.

Is gearr go raibh stádas na Breatnaise á chreimeadh. Roimh i bhfad, bhí an Spáinnis riachtanach do dhuine ar bith a bhí ag iarraidh aon dul chun cinn a dhéanamh. Cuireadh d’iallach ar scoileanna an Spáinnis a theagasc. Agus, leis sin, mar a tharla sa Bhreatain Bheag féin, mar gheall ar bhrú eacnamaíoch, polaitiúil agus sóisialta, thosaigh muintir na Patagóine ag tréigeadh na Breatnaise. Faoi lár an fichiú haois, ba í an Spáinnis príomhtheanga Y Wladfa.

Bunaíodh Y Wladfa chun teanga, cultúr agus creideamh na Breataine Bige a chosaint ar leathnú an Bhéarla, ach faoi dheireadh, níorbh fhéidir an fód a sheasamh in aghaidh mórtheanga eile.

Ach más ag teitheadh ó thionchar an choilíneachais a bhí roinnt de na Breatnaigh a lonnaigh sa Phatagóin, aithníonn taighdeoirí na linne seo gur “coilínitheoirí coilínithe” a bhí iontu.

Talamh na Tehuelche a bhí i nGleann Chubut sular bhronn an Airgintín ar na Breatnaigh é. Maítear sna foinsí Breatnacha go raibh caidreamh maith ag na lonnaitheoirí le bundúchasaigh na tíre: mhalartaigh siad arbhar ar fheoil guanácó (ainmhí atá gaolta leis an láma), agus scríobh siad achainí chuig rialtas na hAirgintíne chun foréigean in éadan na Tehuelche a cháineadh. Mar sin féin, maith olc leo é, de thoradh Y Wladfa a bhunú, bhí páirt ag na Breatnaigh i ndíshealbhú na mbundúchasach agus in uaillmhian fhorleathnaitheach na hAirgintíne.

Sa lá atá inniu ann, tá an Bhreatnais fós le cluinstin sa Phatagóin, cé nach labhraítear í mar theanga phobail a thuilleadh. Tá trí bhunscoil dhátheangacha in Y Wladfa. Freastalaíonn daoine eile ar ranganna Breatnaise a dtacaítear leo trí Thionscadal na Breatnaise, scéim de chuid Rialtas na Breataine Bige agus Chomhairle na Breataine trína n-eagraítear socrúcháin teagaisc sa Phatagóin do mhúinteoirí ón Bhreatain Bheag. Eagraítear eisteddfodau chun an cultúr Breatnach a cheiliúradh agus bíonn scéal na himirce go mór chun tosaigh sna hearnálacha oidhreachta agus turasóireachta – scéal a insítear fós sa Bhreatain Bheag chomh maith.

Tá an Phatagóin thart ar 8,500km ón Bhreatain Bheag, ach tá muintir Y Wladfa bródúil as a bhféiniúlacht Bhreatnach. Agus aithníonn pobal an dá thír na ceangail idir eatarthu.

Foclóir:

drochthuar = ill omen;

fóirsteanach = suitable,

fittingsceirdiúil = bleak, windswept, exposed

iargúltacht = remoteness

díshealbhú = dispossession, eviction

imeallchrios = borderland

casaoid = complaint, grievance

iomrá = mention

tailte méithe = fertile lands

forleathnaitheach = expansionist