Ghlac muintir an oirdheiscirt go fonnmhar leis an deis aithne a chur ar chuairteoirí ó Thalamh an Éisc, Ceanada, ag deireadh mhí Lúnasa. Ba léir ón bhfáilte a cuireadh roimh na cuairteoirí seo go bhfuil an-mheas ag saoránaigh na hÉireann orthu i gcónaí agus go dteastaíonn uathu na naisc stairiúla atá idir an dá thír a láidriú.

Is de shliocht na hÉireann iad thart ar 50% de mhuintir Thalamh an Éisc sa lá atá inniu ann. Tá ceangal láidir fós ann idir an dá áit. Is oileán mór é Talamh an Éisc ar chósta thoir Cheanada, agus tá an-bhród i gcónaí ar an mórchuid dos na daoine a chónaíonn ann as an gceangal atá acu le hÉirinn, agus go háirithe le Loch Garman, deisceart Chill Chainnigh, deisceart Thiobraid Árann agus Port Láirge, nasc a théann siar na céadta bliain.

Bhí staraí amháin ón Rinn, Nioclás Ó Gríofáin, i láthair chun bualadh leis an ngrúpa, agus é in ann a rá gur thug sé féin cuairt ar Thalamh an Éisc trí huaire. Mheabhraigh sé don ghrúpa gur imigh an-chuid daoine amach go Talamh an Éisc ó Bhaile na nGall sa Rinn timpeall dhá chéad bliain ó shin – luaigh sé na Coistínigh, na Muiríosaigh agus na Cadhlaigh go háirithe. Bhí bród air nuair a luaigh sé bean amháin, Bridget Ní Choistín, a saolaíodh in 1791. D’fhág sí a baile i Rath na mBiníneach sa Rinn, phós Cornelius Little agus ceapadh a mac, Philip Francis Little, ina chéad phríomh-aire ar Thalamh an Éisc sa bhliain 1855.

Mhínigh sé go dtéadh na himircigh seo soir ón Rinn, ón Aird Mhór agus ó áiteanna as gach cúinne sa dúiche ar fud dheisceart na tíre, agus go rachaidís go dtí an Pasáiste Thoir ar bhruach na Siúire chun imeacht – cuid acu ag obair mar iascairí agus cuid eile acu ag fáil ticéid ar bhord loinge.

…meastar gur fhág níos mó ná 30,000 Éireannach paróistí agus sráidbhailte in oirdheisceart na tíre seo chun dul ag iascaireacht go dtí Talamh an Éisc…

Tionóladh imeachtaí poiblí i dtrí chontae – Loch Garman, Tiobraid Árann agus Port Láirge – le linn thuras na gcuairteoirí. I measc na n-áiteanna a bhí ar an gcúrsa taistil bhí Inis Córthaidh, Caladh na Carraige, Carraig na Siúire, Cill Chaise agus Cnoc Fhiodh na gCaor.Cuireadh críoch leis an turas in iarthar Chontae Phort Láirge, Gaeltacht na Déise go háirithe.

Ag dul siar i bhfad, meastar gur fhág níos mó ná 30,000 Éireannach paróistí agus sráidbhailte in oirdheisceart na tíre seo chun dul ag iascaireacht go dtí Talamh an Éisc ar thóir na dtrosc. Thosaigh siad ag imeacht go luath sa 17ú haois agus lean siad ar aghaidh go dtí thart ar 1830.

Le linn na camchuairte an samhradh seo, cuireadh siamsaíocht ar fáil don ghrúpa. Is 44 duine ó Thalamh an Éisc a tháinig go dtí an ceantar don cheiliúradh trí lá ar an oidhreacht agus ar an tsinsearacht chomhroinnte atá ag an dá cheantar. I measc na gcosúlachtaí atá eatarthu luadh an teanga, luachanna comhroinnte agus an tábhacht a bhaineann le pobail bheaga, in éineacht le cosúlachtaí maidir leis an timpeallacht nádúrtha, na logainmneacha, na daoine, na sloinnte agus traidisiún an cheoil.

“Tá áthas orainn fáilte a chur roimh an ngrúpa seo go dtí an Rinn, an Seanphobal agus an Aird Mhór chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár gcomhoidhreacht shaibhir chultúrtha agus chun buanna an cheoil agus na hamhránaíochta atá againn anseo a roinnt leis na cuairteoirí,” a dúirt Máire Seó Breathnach, Oifigeach Gaeilge Chomhairle Phort Láirge, agus í ag caint ag ócáid a bhí ar siúl i Músaem Dhún Garbhán mar chuid den turas.

Mhínigh sí don phobal a bhí i láthair go raibh sé mar aidhm ag na heagarthóirí, ní hamháin na cosúlachtaí agus na naisc a láidriú, ach ceiliúradh agus comóradh a dhéanamh orthu chomh maith.

Léiríodh ag pointí éagsúla le linn an turais go bhfuil na naisc seo ann i gcónaí agus, cé go bhfuil diaspóra Thalamh an Éisc ocht nglúin ar aghaidh óna sinsir, tá na cosúlachtaí fuirist le haithint i gcónaí, mar a mhínigh Bernadette Guest, Oifigeach Oidhreachta na Comhairle agus ball de Choiste na hÉireann-Thalamh an Éisc, don lucht éisteachta le linn na cuairte agus iad ag tosnú amach: “Tá ár bhféiniúlacht chomhroinnte bunaithe ar ómós áite, scéalta ó mhuir agus ó thír agus ceangail teaghlaigh, agus táimid ag súil go mór a bheith mar óstaigh don ngrúpa agus ár n-oidhreacht shaibhir agus éagsúil a thaispeáint dóibh,” a dúirt sí. “Teastaíonn uainn tógaint ar scéal an chomhcheangail idir Port Láirge agus Talamh an Éisc agus tá súil againn go mbainfidh muintir Thalamh an Éisc taitneamh as a dtréimhse linn agus go bhfaighidh siad fáilte mhór Dhéiseach.”

Ó thaobh na Gaeltachta de, tugadh an grúpa ar cuairt go dtí láithreacha tábhachtacha oidhreachta i nDún Garbhán, chomh maith leis an Rinn, in Heilbhic agus san Aird Mhór. Ag gach pointe tharla go bhfuair na cuairteoirí cainteanna agus treoracha ó staraithe áitiúla.

Ón mbliain 2005 i leith tá Port Láirge ag obair chun na naisc chultúrtha, stairiúla agus phobail idir oirdheisceart na hÉireann agus réigiúin de chuid chúige Thalamh an Éisc agus Labradar a chur chun cinn le turasanna babhtála idir an dá thír. Tharla briseadh sna turasanna le linn na paindéime, ach tá athbheochan tagtha anois ar an gcoiste arís agus, tar éis turas a thug na hÉireannaigh ar St. John’s agus ar an gcósta ó dheas anuraidh, d’fhill muintir Thalamh an Éisc ar oirdheisceart na hÉireann i mbliana.

Mar chuid den chlár ama, bhí ceolchoirm i Halla Cholmáin sa Seanphobal ar an Luan, agus oíche scoraíochta i Halla Dheagláin san Aird Mhór – ag an dá ócáid cuireadh fáilte roimh chách taitneamh a bhaint as an gceol, an scéalaíocht agus an amhránaíocht agus bualadh le muintir Thalamh an Éisc – i measc na sloinnte a bhí ar na cuairteoirí bhí na Paoraigh, na Breathnaigh, na Faolánaigh agus na Curraoinigh!

Meabhraíodh dos na daoine a bhí i láthair go bhfuil Dún Garbhán nasctha le Torbay thall ó 2015 agus go bhfuil Cathair Phort Láirge nasctha le St. John’s ó 2002. Táthar ag súil go leanfaidh an cairdeas idir an dá thír.

Foclóir

fonnmhar = eager, willing

de shliocht = descended from

imircigh = emigrants, migrants

ar thóir na dtrosc (trosc) = in pursuit of the cod

sinsearacht = ancestry, lineage

camchuairt = tour, circuit

scoraíocht = an evening of visiting, music and storytelling

athbheochan = revival