Tá a lorg fágtha ag Rory Gaffney ar shaol sacair na hÉireann. Tar éis gairm a mhair seacht mbliana déag, d’fhógair an tosaí as Tuaim go raibh sé ag éirí as an sacar ar an 3 Meán Fómhair 2026, agus é 36 bliana d’aois. Cé gur chaith sé tréimhse shuntasach dá ghairm i Sasana, is mar gheall ar an rath iontach a bhí aige le Shamrock Rovers is mó a chuimhneofar go speisialta air.
Rugadh Gaffney i dTuaim, Contae na Gaillimhe, ar an 23 Deireadh Fómhair 1989. D’fhás sé aníos i gceantar ina raibh an pheil Ghaelach ina cuid thábhachtach den saol spóirt, agus chuaigh sé i dtreo an tsacair ghairmiúil ar bhealach beagáinín neamhghnách. Níor thosaigh sé amach i gcóras mór acadaimh le haon chlub ag bhí ag feidhmiú i bPríomhroinn Shasana. Go deimhin, d’imir sé le clubanna go páirtaimseartha i nGaillimh agus i Luimneach, sula bhfuair sé deis dul chun cinn a dhéanamh. Thosaigh sé a ghairm i Sraith na hÉireann le Mervue United na Gaillimhe in 2009. Bhí ról lárnach aige ar an bhfoireann agus léirigh sé go luath go raibh cumas aige cúil a aimsiú. Faoi 2011, bhí aird clubanna eile tarraingthe aige agus bhog sé go Limerick F.C..
D’fhan Gaffney le Luimneach ó 2011 go 2014. Ba thréimhse thar a bheith tábhachtach í sin ina fhorbairt. Sa bhliain 2012, d’éirigh le Cumann Sacair Luimnigh craobh na Chéad Roinne a bhuachaint agus ardú céime a bhaint amach go dtí an Phríomhroinn. Faoin mbliain 2014, bhí Rory ar dhuine de na tosaithe ba shuntasaí sa tsraith, agus d’aimsigh sé 14 chúl sa Premier Division an séasúr sin.
I bhfianaise an ratha a bhí air, tháinig deis dó bogadh go Sasana. Ba mhór an chéim chun cinn í do pheileadóir as Tuaim a bhí tar éis a ghairm a thógáil de réir a chéile trí Shraith na hÉireann. Bhí baint ag Gaffney le roinnt clubanna Sasanacha idir 2014 agus 2020. Bhí sé le Cambridge United ar dtús, sular chaith sé tréimhse ar iasacht le Bristol Rovers. D’éirigh go maith leis ansin agus rinne sé an t-aistriú go buan ina dhiaidh sin. Le Briostó, bhí ról aige i bhfoireann a ghnóthaigh ardú céime go Sraith a hAon. Ansin, in 2018, shínigh sé le Salford City. Chaith sé tréimhse le Walsall ar iasacht freisin. Bhí na blianta sin tábhachtach mar thug siad taithí dó ar leibhéil éagsúla sacair i Sasana agus chuir siad feabhas ar a chluiche mar thosaí. Tar éis breis is cúig bliana thall, áfach, tháinig sé abhaile go hÉirinn in 2020.
Shínigh Gaffney le Shamrock Rovers i mí Feabhra 2020. Bhí an tús casta aige leis an gclub mar gheall ar ghortuithe agus cuireadh isteach ar an séasúr de bharr COVID-19. Ach de réir a chéile, shocraigh sé isteach agus bhí sé ina imreoir lárnach faoi stiúir Stephen Bradley. In 2021, d’aimsigh sé ocht gcúl sraithe agus bhuaigh Rovers an teideal. Ba é sin an chéad cheann de chúig theideal a bhuaigh sé leis an gclub: 2020, 2021, 2022, 2023 agus 2025. Bhí sé mar chuid de thréimhse órga i stair nua-aimseartha Shamrock Rovers. Ba bhliain speisialta í 2022 dó féin. Scóráil sé 15 chúl i ngach comórtas, lena n-áirítear trí cinn san Eoraip. Ainmníodh é mar Imreoir PFAI na bliana (roghnaithe ag na himreoirí iad féin) agus mar Imreoir Sraithe na Bliana, roghnaithe ag Cumann Sacair na hÉireann. Roghnaíodh freisin é ar Fhoireann na Bliana.
Chruthaigh sé go láidir le Rovers sna feachtais Eorpacha agus d’aimsigh sé ocht gcúl san Eoraip don chlub. Mar gheall air sin, bhí sé sa chúigiú háit ar liosta na scórálaithe ab fhearr riamh ó Shraith na hÉireann sna comórtais Eorpacha. Ba é 2025 an séasúr a chuir buaicphointe iontach le gairm Gaffney. Tar éis tréimhse fhada as an bhfoireann de bharr gortaithe, tháinig sé ar ais agus chabhraigh sé le Rovers an cúigiú craobh sraithe a bhuachaint. Ach ba é cluiche ceannais Chorn FAI 2025 an chuimhne is mó a bheidh ag lucht leanúna Shamrock Rovers air. I gcoinne Chorcaí, scóráil Gaffney dhá chúl sa dara leath agus bhuaigh Rovers 2–0. Chinntigh an bua sin an chéad bhua dúbailte (an tSraith agus Corn FAI) ag an gclub ó 1987. Ba é an cluiche ceannais sin an cluiche baile deireanach a d’imir sé don fhoireann. Bhí 50 cúl aimsithe aige do na Ruagairí i ngach comórtas faoin tráth sin – sa tsraith, i gCorn FAI agus san Eoraip. Sa tsraith amháin, d’imir sé 143 chluiche agus scóráil sé 37 gcúl.
Cé gur éirigh thar barr leis ag leibhéal na gclubanna, ní bhfuair sé an deis ag an leibhéal idirnáisiúnta sinsearach le foireann Phoblacht na hÉireann. Ní raibh sé ina bhall rialta d’fhoireann shinsearach na tíre agus ní bhfuair sé caipín sinsearach idirnáisiúnta. Léirigh a chuid blianta i Sraith na hÉireann agus i Sasana go raibh sé in ann dul san iomaíocht ag leibhéal ard, agus bhí sé ina chuid lárnach de roinnt feachtais Eorpacha le Shamrock Rovers.
Bhí sé beartaithe ag Gaffney leanúint ar aghaidh ag imirt in 2026 ach chuir fadhb thromchúiseach le teannán Aichill isteach ar a chuid pleananna. Cuireadh cóir leighis air sa tSualainn le linn an tséasúir saoire, ach chuir ionfhabhtú isteach ar a théarnamh le teacht chuige féin arís le haghaidh shéasúr 2026. Níor imir sé cluiche amháin fiú le Rovers le linn an tséasúir.
Ar an 3 Meán Fómhair 2026, d’fhógair sé go raibh deireadh lena ghairm imeartha le Shamrock Rovers. Ghabh sé buíochas leis an gclub, lena gcomhimreoirí, leis an bhfoireann bainistíochta agus, go háirithe, le lucht leanúna Rovers. Dúirt sé gur pribhléid a bhí ann an geansaí a chaitheamh agus go mbeadh sé ag breathnú siar le mórtas ar an tréimhse sin dá shaol. Fágann Gaffney an spórt mar laoch ag lucht leanúna Shamrock Rovers agus mar eiseamláir de pheileadóir a thóg a ghairm céim ar chéim. Ó Thuaim go Cathair na Gaillimhe, go Luimneach, Sasana agus ar ais go hÉirinn, léirigh Rory Gaffney an dúil a bhí aige sa spórt agus cumas cúil a scóráil nuair a theastaigh siad go géar! Cúig chraobh sraithe, Corn FAI amháin, Corn an Uachtaráin. D’imir sé 559 gcluiche, inar aimsigh sé 137 gcúl do sheacht gclub éagsúla – is oidhreacht iontach í sin don imreoir as iarthar na tíre.
Foclóir:
oidhreacht = legacy, heritage
téarnamh = recovery
ionfhabhtú = infection
teannán = tendon
mórtas = pride
buaicphointe = high point, climax
tromchúiseach = serious, grave
