Bíonn poncanna áirithe i saol an duine a mbíonn cuimhne faoi leith agat orthu. Do chéad lá ar scoil (má chuaigh), an chéad uair ar thit tú i ngrá (má thit), an chéad uair ar thuig tú cé tú féin (má thuig, má thuigeann fós). Is amhlaidh don saol poiblí.
Léim Liam Ó Flaithearta ina sheasamh agus lig béic ‘Eureka!’ nuair a chuala sé go raibh an chéad chogadh mór barbartha le tosnú; níorbh é go raibh aon dúil fola aige mar a bhí ag tiarnaí cogaidh agus tionsclaíochta, ach go díreach dúil san eachtraíocht. Níorbh aon dea-thoradh a bhí ar an dúil sin.
Tá gléchuimhne fós ag daoine d’aois áirithe ar an mball ina rabhadar nuair a dúnmharaíodh John F. Kennedy agus nuair a d’airíodar an nuacht.
Tá cúig mbliana fichead ann ón Aoine seo caite ó dhein buíon fear ón Araib Shádaisteach ionsaí ar Nua-Eabhrac agus ar an bPentagon san eachtra ghránna a bhfuil 9/11 go coitianta againn air. Daoine d’aois fir agus mná anois agus níos críonna caite fós, beidh an chuimhne chéanna fós greanta sa chloigeann acu.
Mar a tharla, bhíos féin ar dualgas coláiste i nDún na nGall ag lorg mac léinn múinteoireachta faoi na sceacha le dua agus mé ag tiomáint idir dhá scoil. Ráinig gur stopas ag Droichead na nDeor, an leac chuimhneacháin sin ar thaobh an bhóthair ag dul thairis ar Shruthán Mhín Easa Roda i ngar do Dhún Fionnachaidh. Leac chuimhneacháin ar na céadta de mhílte a d’fhág iarthar Thír Chonaill le linn agus tar éis an drochshaoil, óir is ar an láthair sin ball díreach a d’fhágaidís slán ag a muintir nach bhfeicfidís a choíche ná go brách síoraí go deo arís agus iad ag triall ar an mbád bán i nDoire.
Tá sé furasta go leor íoróin a fheiscint idir Droichead na nDeor agus barbaracht an lae sin. Ach b’in an chéad scéal ar an raidió a chuala, ach b’éigean dom triall an bóthar ó dheas, mar bhí cúram eile orm i mBéal Átha Seanaidh. Ní raibh ar an raidió fan na slí ach an t-ionsaí ar an dá thúr agus ar an bPentagon.
B’in mar a bhí go ceann seachtaine agus níos sia ar an gcabaireacht aeir agus meán, agus sin mar atá mar iarmhairt dhaonna cúig mbliana fichead ina dhiaidh sin. Is contúirteach é cogadh ar bith a thosnú mar ní fios cad a leanfaidh, agus a leanfaidh, agus a leanfaidh.
Lean gach léan 9/11 agus iarmhairt an áir.
Is fíor nach raibh leithscéal riamh ag teastáil ó na Stáit Aontaithe cur lena n-impireacht ón gcéad uair ar chuireadar troigh thar throigh den talamh nár leo agus bád ar chuan le gabháltas eile fós a dhéanamh ar phobail nach ngéillfeadh dóibh. Ach thug ionsaí na buíne bige seo ón Araib Shádaisteach caoi dóibh ar chleití na sciathán a leathadh agus a gcuid síochána a chur i réim ar áiteanna nár éirigh leis na Sasanaigh ná leis na Francaigh pax na síochána, na sibhialtachta, na saoithiúlachta, na solasmhaireachta, na sorthanachta, a bhualadh anuas ar na Gaeil gan mhúineadh.
Ní gá paidir chapaill ná guí staile ná ortha asail a dhéanamh as, ach lean ‘an cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta’ ar fud na gcríocha ar cuaird ó shin ionas gur maraíodh na céadta mílte de dhaoine áille anuas ón aer nó ar an talamh ina n-áirimh éagsúla san Iaráic, san Afganastáin, in Éimin, sa Phacastáin, sa tSomáil, i Veiniséala, sa tSiria, sa Nigéir gan trácht ar an ionsaí ar an Iaráin faoi láthair ná a gcomhpháirtíocht i gcinedhíbirt ghlantúcháin na bPalaistíneach óna bhfearann dúchais san ár laethúil.
Nuair a scaoileann tú madraí allta an chogaidh den éill, ní fios cé a mbainfear ailp astu.
