Deir príomhoide na scoile go bhfuil an scoil ag guí go ndéanfaí naomh de Carlo Acutis le deich mbliana anuas
Tá Scoil Náisiúnta Ghort a’ Choirce i nGaeltacht Dhún na nGall á hathainmniú mar ‘Scoil Naomh Carlo Acutis, Ghoirt a’ Choirce’, in ómós don naomh Iodálach, Carlo Acutis.
Rinneadh naomh de Carlo Acutis i mí Mheán Fómhair 2025, agus tá cáil air mar ‘naomhphátrún an idirlín’ mar gheall ar an úsáid a bhain sé as an teicneolaíocht chun a chreideamh Caitliceach a scaipeadh.
Fuair Acutis bás in 2006 agus é 15 bliana d’aois. Bhí suim mhór aige sa teicneolaíocht agus chruthaigh sé suíomh idirlín ina ndearna sé catalógú ar mhíorúiltí Eocairisteacha a tuairiscíodh ar fud an domhain.
Dúirt príomhoide na scoile, Patricia Uí Arlaigh, gur “lá mór é” don scoil agus don pharóiste é an cinneadh, agus nach ndearnadh an cinneadh an t-ainm a athrú “thar oíche”.
Thug an scoil cuireadh do Antoinette Moynahan ó Children of the Eucharist teacht isteach roinnt blianta ó shin agus iarradh ar phobal na scoile guí go ndéanfaí naomh de Carlo Acutis. Deir Uí Arlaigh go bhfuil an scoil ag guí go ndéanfaí naomh de Carlo Acutis le deich mbliana anuas.
Dar léi, chinn an scoil an t-ainm nua a chur uirthi tar éis a chanónaithe anuraidh, mar bhealach chun ómós a thabhairt dó agus é a chur i láthair mar eiseamláir do dhaoine óga. Tá an úsáid a bhain Carlo Acutis as an idirlíon ar cheann de na cúiseanna a bhfuil an scoil den tuairim go bhfuil sé ábhartha don ghlúin óg sa lá atá inniu ann.
Cé gur ainm Iodáilise atá anois ar scoil i gceantar Gaeltachta, dúirt Uí Arlaigh nach raibh aon imní ar phobal na scoile faoin athrú sin.
Chuir sí béim ar thiomantas na scoile don Ghaeilge, ag rá gur “paiseanta faoinár dteanga dhúchais” atá siad agus nach mbíonn “focal Béarla le cluinstin sa scoil ag am ar bith”.
Rinneadh an t-athrú a cheiliúradh ag Aifreann i nGort a’ Choirce an deireadh seachtaine seo caite, agus bhí taisí Carlo Acutis agus ionadaí ó pharóiste Assisi i láthair.

