Bhí Pearse O’Reilly ag obair i gcathair Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair 2001, an lá ar tharla an eachtra ar a baisteadh ‘9/11’

Is beag duine a mhair fríd 9/11 nach bhfuil cuimhne acu ar cá raibh siad ar an lá áirithe sin, bíodh siad a choimhéad ar an teilifís, ag éisteacht le tuairiscí raidió nó i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhí iriseoir as Maigh Eo, Pearse O’Reilly, ina chónaí agus ag obair i gcathair Nua-Eabhrac ar an 11 Meán Fómhair 2001, an lá ar tharla an eachtra ar a baisteadh ‘9/11’. 

Tharla ionsaí sceimhlitheoireachta nuair a bhuail dhá eitleán isteach sna Twin Towers, ionaid ghnó agus trádála i lár Nua-Eabhrac. Thit na túir go talamh agus rinneadh smionagar daofa. Maraíodh beagnach 3,000 duine sna hionsaithe. 

I bpodchraoladh Seachtain le Tessa Fleming, labhair Pearse don chéad uair faoina chuimhní ar an lá úd. Dúirt sé: “Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá sin, bhí an oiread sin eagla, an oiread sin uaignis agus an oiread sin mothúcháin ar fad ann. Bhí mé féin i láthair ar an lá, bhí mé ag obair mar iriseoir i Nua-Eabhrac ag an am.” 

Bhí cónaí ar O’Reilly agus a bhean chéile Mairéad i Meiriceá ag an am “mar theastaigh dúshlán úr uainn. Bhí aintín ag Mairéad i Nua-Eabhrac ag an am, agus d’fhan muid ann ar feadh dhá bhliain go leith, ag déanamh gach sórt oibre”. 

Bhí an lánúin ag obair mar iriseoirí i nuachtán an Irish Echo “le saol ar dóigh ann, le saol sóisialta, árasán agus carr,” a dúirt Pearse. Bhí siad ag clúdach “scéalta phobal na hÉireann agus cúrsaí reatha”. 

Tá cuimhne ghéar ag Pearse ar an mhaidin ar tharla an t-ionsaí sceimhlitheoireachta. 

“Is dócha go raibh an t-ádh orm a bheith ann mar iriseoir, ceann de na scéalta is mó ar domhan, ach ar bhealach b’fhéidir go raibh mí-ádh orm, go bhfaca mé an oiread sin rudaí ar an lá sin. Chuir an eagarthóir ón Irish Echo glaoch orm, agus dúirt sé go raibh rud éicint tarlaithe thíos ag na Twin Towers agus an raibh mé in ann dul síos, agus chuaigh mé ann.”

Thaisteal Pearse ar an traen faoi thalamh go Grand Central i dtrátha a hocht ar maidin, agus d’athraigh sé traein go “subway a sé a bhí le dul chuig na Twin Towers. D’fhógair fear go raibh orainn imeacht ón traen mar gur tharla rud éigin ag na Towers. Bhí traen eile romhainn, agus creidim gur shábháil sin mo shaol.” 

Bhí an áit ina chiar thuathail, a dúirt Pearse san agallamh ar Seachtain, agus eagla mhór ar dhaoine a bhí ar an láthair. 

“Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an méid a chonaic mé, bhí mé ag smaoineadh ar chuile dhuine beo a bhí sna foirgnimh ar an lá sin. D’athraigh an chathair go hiomlán i ndiaidh an lá sin.”

Thug a cheadúnas preasa cead do Phearse a bhealach a dhéanamh níos cóngaraí don láthair.

“Chonaic mé an dara heitleán ag bualadh an dara túr, agus chonaic mé an péire acu ag titim, ach shíl gach duine gur timpiste a bhí ann, níor shíl aon duine gur ionsaí sceimhlitheoireachta a bhí ann ag an am.”

Dúirt Pearse go ndeachaigh sé féin agus a bhean, in éineacht lena tuismitheoirí as Éirinn, ar thuras treoraithe ar na Twin Towers seachtain sular tharla an eachtra seo. 

“Is cuimhin liom ag dul ar obair an lá dár gcionn, an difear a bhí ann. Ní raibh mo chlann sa bhaile in ann teagmháil a dhéanamh liom ag an am, shíl siad go raibh mise marbh fosta. 

“Nuair a ghlaoigh mé orthu an oíche sin, bhí siad uilig ag caoineadh,” a dúirt sé le Tessa Fleming ar phodchraoladh Seachtain. 

“Bhí mé i mode an iriseora, bhí mé ag obair, tá obair le déanamh agam a dúirt mé liom féin. Bhí mé ag obair mar sin ar feadh cúpla seachtain. 

Thug Pearse le fios go raibh ceamara leis ar an lá chun na hoibre, ach nach bhfaca sé toradh a chuid oibre go fóill, 25 bliain ina dhiaidh. 

“Thóg mé grianghrafanna ar an lá, go leor grianghrafanna, b’fhéidir 200 nó 300 ceann. Tá siad sna boscaí fós, ní raibh an misneach agam breathnú siar orthu, nó na camera rolls a phróiseáil. 

“Níl a fhios agam céard a bhéas ann; bhí daoine ag titim as na túir, daoine gortaithe, rudaí ar an talamh, bhí sé iontach deacair. Beidh orm iad a phróiseáil lá éigin.”

Bhí cosc ar eitiltí go Meiriceá ag an am, agus bhí ról tuairisceora ag Pearse d’eagraíochta nuachta Éireannacha ag an am, mar nach raibh siad in ann iriseoirí a sheoladh ann. 

“Bhí muid ag craoladh beo ar feadh trí nó ceithre lá ag ionad EBU, mhothaigh muid go raibh gá dúinn an scéal a chur amach, bhí dualgas orainn agus bhí muid sásta an obair sin a dhéanamh.”

Labhair Pearse fán mhothú aisteach sa chathair sna laethanta i ndiaidh na tragóide.

“Bhí daoine ag lorg a ndaoine féin, bhí daoine ag cuardach ar feadh i bhfad. Bhí pub ag fear as Maigh Eo, a d’oscail sé mar ionad pobail ag an am.”

Tráchtann sé ar an mhothú a bhí i Nua-Eabhrac an tseachtain i ndiaidh 9/11 go raibh cogadh domhanda le tarlú.

“Bhí eagla agus imní ar dhaoine, níor mhothaigh daoine sábháilte sa chathair níos mó. Coicís ina dhiaidh, d’fhág Mairéad, agus sé seachtaine ina dhiaidh sin, d’imigh mise as Nua-Eabhrac. 

“Bhí postanna den scoith againn, árasán, saol galánta, carr – shíl muid go mbeadh muid ann go deo b’fhéidir. Shocraigh muid ceithre lá i ndiaidh 9/11, ní seo an áit dúinn níos mó.”

Thug Pearse cuairt ar Ground Zero cúpla bliain i ndiaidh 2001, in éineacht le baill teaghlaigh.

“Fuair muid an traen go Union Square, an spota céanna a raibh mé ar 9/11. Shiúl muid dhá bhloc go Ground Zero, agus ag an am poll sa talamh a bhí ann, ní raibh foirgneamh ar bith ann. Bhí sé deacair dul ar ais ann, ach tháinig croí ar ais sa chathair sin, ach fanfaidh sé liom go deo.”