Bhí breis agus 80,000 duine i bPáirc an Chrócaigh oíche Dé Sathairn don troid dheireanach a bhí ag Katie Taylor mar dhornálaí gairmiúil
Fuair Katie Taylor an deireadh a raibh sí ag súil leis lena finscéal agus bua faighte aici ina troid dheireanach i bPáirc an Chrócaigh os comhair 80,000 duine.
Cé nach raibh an troid ar cheann de na troideanna is fearr riamh, is cuma. Ghnóthaigh sí an bua agus b’iontach an ócáid a bhí ann.
Labhair sí go hálainn ina dhiaidh, ag gabháil buíochas le gach duine a thug cuidiú di ar a turas. Deireadh ré ach is mar gheall uirthi gur tharla ré nua do chailíní agus mná i spórt na dornálaíochta.
Spreag sí muid uilig. Bíodh brionglóidí móra millteacha agat agus gabh ina dtreo agus ná stop go dtí go mbeidh siad agat. Laoch ár linne agus guíonn muid achan ádh uirthi ina céad eachtra eile.
Rud a sheasann amach i gcónaí dom faoi Katie ná go bhfuil a fhios aici an luach atá inti. Bhí a fhios aici i gcónaí go raibh sí go maith agus bhí sí ag súil le cothrom na Féinne.
D’imigh an laoch cheoil Dolly Parton uainn le déanaí agus chuir cúpla scéal inste faoin bheirt acu mé ag smaoineamh. Chum Dolly an t-amhrán clúiteach I Will Always Love You, amhrán a raibh an-tóir air nuair a thaifead Whitney Houston é sna nóchaidí agus, mar a dúirt Dolly, a chuir neart airgid ina póca aici.
Ach bhí spéis ag Elvis Presley an t-amhrán a thaifeadadh roimhe sin agus bhí Dolly sásta leis sin ach nuair a dúirt bainisteoir seo aige, Colonel Tom Parker, go gcaithfeadh ainm Elvis a bheith ar an amhrán mar chumadóir léi, dhiúltaigh sí dó.
Thuig sí an luach a bhain leis an amhrán a chum sí agus bhí meas aici uirthi féin mar chumadóir agus amhránaí.
Tá ceacht ansin leis an diúltú. Bí ag éisteacht le do chroí istigh. Sin an rud a rinne Dolly agus amharc ar an ráchairt a bhí ar an amhrán ina dhiaidh sin.
Faigheann Katie Taylor níos mó airgid ná 99 faoin chéad de dhornálaithe fir ach ní mar sin a bhí sé i gcónaí. Chuir sí ceist ar a poiblitheoir Eddie Hearn nuair a fuair sí amach go raibh an dornálaí fir Tevin Farmer ag fáil a thrí oiread níos mó sa sparán ná í, an raibh sé sin féaráilte? Dúirt Eddie nach raibh ach mar gur fear a bhí ann sin an dóigh a raibh sé.
Níor ghlac Katie leis sin agus chuir sí brú i gcónaí ar Eddie chun an rud ceart a dhéanamh agus níos mó airgid a fháil di. Thuig sí a luach agus níor ghlac sí leis an status quo.
Ní raibh mé i bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn mar go raibh ócáid clainne agam ach bhí muid uilig ag féachaint air ar an teilifís agus ag baint an-sult as. Tá an-mheas agam ar Katie as an dóigh nach raibh sí riamh ag caitheamh anuas ar dhornálaithe eile agus go raibh sí sásta moladh a thabhairt dóibh. Rinne sí iarracht i gcónaí spórt dornálaíochta na mban a chur chun cinn, rud atá thar a bheith tábhachtach agus muid ag iarraidh mná a chur chun cinn sa cheannaireacht. Má fhaigheann tú an deis an méid is mó a bhaint amach, tabhair lámh do mhná eile chun teacht aníos an dréimire i do dhiaidh – rud a bhí gar do chroí Katie agus a bhí le feiceáil sa mhéid a dúirt Amanda Serrano i litir a scríobh sí di.
D’ardaigh sí gach duine agus léirigh sí gur féidir le duine amháin rudaí a dhéanamh níos fearr do gach duine.
Beidh scéal ag gach duine faoin tionchar a bhí ag Katie orthu. Ach sa tsaol a thiocfaidh leis a bheith an-ghránna in amantaí, chuir sí ina luí nach gcaithfidh tú a bheith i do dhuine gránna chun torthaí a bhaint amach.
Caithfidh tú a bheith diongbháilte ar do thuras chun a bheith ar an duine is fearr.
Seachas a bheith ag caint, bí ag obair agus ag déanamh rud éigin faoi.
Tháinig na sluaite amach di mar d’aithin siad gur eiseamláir í ní hamháin don spórt ach don tsaol. D’athraigh sí an spórt agus bhí an t-ádh linn go raibh muid in ann a bheith thart chun sin a fheiceáil.
Guíonn muid achan rath ar Katie ina céad turas eile. Míle buíochas as na cuimhní agus an spreagadh.

