Beidh Parrott ina laoch do Real Betis mar a bhí Éireannach eile cheana, Paddy “Don Patricio” O’Connell
Las Troy Parrott Estadio de La Cartuja suas in Seville an tseachtain seo caite le cúl cinniúnach san 81ú nóiméad chun bua 1-0 a thabhairt do Real Betis in aghaidh Real Madrid in La Liga.
Ba é sin an chéad chúl a fuair sé don fhoireann Spáinneach i ndiaidh gur aistrigh sé ó AZ Alkmaar san Ísiltír go cósta na Spáinne. Tháinig sé isteach mar ionadaí sa 68ú bomaite agus súil againn uilig go n-éireoidh go geal lena thréimhse sa Spáinn.
Shínigh sé conradh cúig bliana i gcomhair €20 milliún. Tús maith ach mar is eol do gach duine, is é aimsiú na gcúl go leanúnach an dúshlán anois. Má leanann sé leis na cúil, gan dabht beidh sé ina laoch do Real Betis mar a bhí Éireannach eile cheana, Paddy “Don Patricio” O’Connell.
Tá seanaithne agam ar an fhear seo mar go ndearna mé an taighde agus an léiriú don chlár Paddy Don Patricio a craoladh ar TG4 níos mó ná deich mbliana ó shin – is féidir amharc air fós ar YouTube.
Bhí sé dochreidte an méid a rinne sé agus ní raibh aithne ag aon duine air ag an am. Ba as Baile Átha Cliath dó, in aice le Páirc an Chrócaigh, ní i bhfad ó cheantar Troy agus chuaigh Paddy ar aghaidh chun imirt le Manchester United sular bhog sé chuig an Spáinn ag buachtaint La Liga le Real Betis in 1935 mar bhainisteoir agus ansin ag sábháil Barcelona ó lámha Franco le linn Chogadh na gCarad.
D’imir sé le Ceiltigh Bhéal Feirste fosta agus d’fhiosraigh muid an scéal uilig leis an aisteoir agus láithreoir Tony Devlin. Bhí am ar dóigh againn ag déanamh an chláir ag caint le clann Paddy Mike agus Sue O’Connell a rinne an oiread sin oibre chun a scéal a chur chun cinn.
Anois tá saol Paddy tar éis teacht chun solais go mór agus cion ag muintir na Spáinne go mór ar cad a rinne Don Patricio. Beidh le feiceáil an féidir le Troy a áit a chinntiú i gcuimhne cheanúil an réigiúin.
Tá Gaeilge le feiceáil i roinnt de na poist faoi Troy agus Real Betis, leis an chlub ag iarraidh ceangal níos láidre a bheith acu leis na tacadóirí a thugann tacaíocht do na himreoirí ó thíortha eile. Tá ciall leis an straitéis sin mar go bhfuil méadú tagtha ar an mhéid daoine ó Éirinn atá ag leanúint an chlub anois mar gheall ar Troy agus cuireann Real Betis fáilte mhór roimhe sin.
Mar gheall ar na meáin shóisialta anois, bíonn tacadóirí ar fhoirne fud fad na cruinne agus aithníonn na clubanna sin. Tá sé tábhachtach do na clubanna airgid a dhéanamh as an cheangal leis na tacadóirí fríd díol geansaithe agus ábhar cruthaitheach a chur ar fáil dóibh. Ceann de na cúiseanna go raibh Troy Parrott ag iarraidh dul chuig an chlub ná go bhfuil siad ag imirt i Sraith na Seaimpíní. Aréir, chas siad le LOSC Lille, an chéad uair le 21 bliain atá Real Betis ag imirt sa chomórtas seo.
Staitistic a luadh roimh an chluiche aréir ná nach raibh ach cluiche amháin sa 47 cluiche deireanach a d’imir siad san Eoraip a chríochnaigh gan cúl ar bith. Ní fios ar athraíodh é sin aréir agus muid ag dul i gcló ach tá Real Betis ag súil go mbainfidh siad tairbhe as a dturas i Sraith na Seaimpíní.
Níl ann ach an tús in La Liga agus beidh le feiceáil an bhfuil borradh ar leith ag dul ar aghaidh faoi stiúir Manuel Pellegrini. Cinnte chuir an toradh in aghaidh Real Madrid daoine ar an eolas faoi fheabhas Real Betis i mbliana ach tá píosa le dul fós. Casfaidh siad as baile le Villarreal an Luan seo chugainn.
Cuidíonn na cúil agus na buanna go mór. Nach mbeadh sé deas dá mbeadh Éireannach eile lárnach le La Liga a bhaint leis an chlub den dara huair? Coinnigh súil amach dóibh – agus dó.

