Seasann leacht chuimhneacháin ar oileán Ghabhla do bheirt fhear a maraíodh ar an 11 Meán Fómhair 2001
Beidh beirt chol ceathrar a maraíodh i sléacht 9/11 i Nua-Eabhrac á dtabhairt chun cuimhne ar oileán beag Gaeltachta amach ó chósta Ghaoth Dobhair an deireadh seachtaine seo.
Greanta sna carraigeacha, in áit iargúlta álainn ar bharr na mbeann in oileán Ghabhla, seasann leacht do bheirt fhear a maraíodh ar an 11 Meán Fómhair 2001.
Tá ainmneacha na beirte, Patrick Sullivan agus Peter Milano, ar an leac chuimhneacháin a chuir a ndaoine muinteartha as Gabhla in airde. Bhí na fir ag obair leis an chomhlacht airgeadais Cantor Fitzgerald ar urlár 104 den Túr Thuaidh de na Twin Towers nuair a bhuail eitleán an túr ag 8.46 ar maidin.
Tá an láthair ag a bhfuil an leac chuimhneacháin uaigneach agus suaimhneach. Barr Scealp Uí Dhúgáin a thugtar ar an áit seo, le radharc amach ar fhiántas an Atlantaigh go bun na spéire. Tháinig daoine muinteartha na beirte anseo leis na blianta ó tharla 9/11 agus tá an ceangal idir iad agus fód dúcháis a sinsear láidir go fóill.
Téann a scéal siar go dtí an t-am ar fhág a máthair mhór, bean as oileán Ghabhla ó dhúchas, an t-oileán le dhul ar imirce. Ba í sin Mary Nic Suibhne, nó Mary Jimí mar ab fhearr aithne uirthi, as Ard na mBainseog, Gabhla. Thug Mary Jimí a haghaidh ar an Oileán Úr, áit a raibh aintín dá cuid ina cónaí fá Nua-Eabhrac.
Bhí Mary ag obair mar chailín aimsire agus ag cuidiú i dtithe lóistín, agus phós sí fear as Corr na Móna, Peter Sullivan. Thóg Mary agus Peter seachtar clainne i gceantar Brooklyn, Nua-Eabhrac, agus choinnigh siad teagmháil rialta lena muintir in Éirinn.
Dúirt Eddie Joe Mac Aoidh, úinéir an tsiopa agus an ionaid eolais i nGabhla, arbh í Mary Jimí Sullivan a aintín, go mbíodh muintir Sullivan agus Milano ag teacht ar saoire go hÉirinn go minic, ag stopadh in Óstán Radharc an Earagail agus in Óstán Ghaoth Dobhair san am a chuaigh thart.
“Phós iníon le Mary agus Peter Sullivan, Mary, fear as an Iodáil ó dhúchas, Frank Milano, agus bhí Peter Milano ar dhuine den chlann a bhí acu sin,” a dúirt sé.
“Bhí ceangal láidir ag tuismitheoirí Patrick Sullivan, Paddy agus Mary, lena ngaolta in Éirinn agus is iomaí cuairt a thug siad féin agus a gclann ar oileán Ghabhla. Bhí Paddy ina phéas san NYPD agus bhí Mary ina haltra. Chuir siad fúthu i gceantar le go leor Gael-Mheiriceánach, Breezy Point, i leathinis Rockaway, ar imeall Queens, lena gclann Gregory, Gerald agus Patrick. Bhí Patrick 32 bliain d’aois nuair a maraíodh é.”
Ar maidin an 11 Meán Fómhair, bhí oibrithe an chomhlachta Cantor Fitzgerald ag obair ar urláir 101-105 den Túr Thuaidh.
Bhuail eitleán an túr sin, díreach faoi urláir oibre an chomhlachta, rud a chiallaigh gur sáinníodh na hoibrithe ar fad san fhoirgneamh. Bhí Peter Teague Milano agus Patrick Sullivan ar bheirt den 658 fostaí ó Cantor Fitzgerald a maraíodh ar 9/11, an comhlacht a ba mhó a chaill fostaithe san eachtra. Bhí deartháir le Patrick, Gerald, ag obair le Cantor Fitzgerald fosta, ach d’aistrigh sé go comhlacht eile trí seachtaine sular tharla an t-ionsaí.
Ní raibh Peter Teague Milano ach 43 bliain d’aois nuair a maraíodh é in ionsaí 9/11. Tógadh é in Canarsie, Brooklyn, lena thuismitheoirí, Mary agus Frank Milano, triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin. Bhí cónaí air in New Jersey lena bhean chéile Patti agus a mac agus iníon Peter Jr agus Jessica, a bhí sna déaga nuair a cailleadh é. Bhí blianta caite aige ag obair le Cantor Fitzgerald mar pháirtnéir sa chomhlacht ag plé le cúrsaí airgeadais nuair a maraíodh é.
“Nuair a tharla an lá millteanach sin, 9/11, bhí muid uilig anseo le ceangal le Gabhla ag smaoitiú ar na teaghlaigh, ar ár ndaoine muinteartha,” a dúirt Eddie, a tógadh ar Ghabhla sular bhog an teaghlach go dtí an Choitín ar tír mór.
Chuaigh baill de chlann Suibhne, col ceathracha leis an bheirt a cailleadh, go Nua-Eabhrac le freastal ar sheirbhís chuimhneacháin do Peter agus Patrick sna seachtainí i ndiaidh na tragóide. Dúirt Eddie Joe Mac Aoidh go raibh sé “ag iarraidh rud inteacht a dhéanamh le cuimhne na leads a choinneáil beo anseo. Bhí dúil bhocht ag Peter Milano go speisialta san áit amuigh ag barr na mbeann, ag Barr Scealp Uí Dhúgáin, déarfadh sé liom, “I’ve been all around the world, but this place beats it all for me”.
Thóg Eddie Joe an leac chuimhneacháin cúpla bliain i ndiaidh 2001, i ndiaidh dó binse cuimhneacháin le hainm Patrick Sullivan greanta air a fheiceáil ar chósta Rockaway, agus é ar cuairt i Meiriceá. Is iomaí turas a thug deartháireacha agus deirfiúracha Peter agus Patrick ar an oileán ó shin.
“Bhí traidhfil blianta ó shin, tháinig seacht gcloigeann déag acu ar cuairt go Gaoth Dobhair, agus bhí siad uilig ag iarraidh an leac a fheiceáil,” a dúirt sé.
Tagann daoine go Gabhla agus aimsíonn siad an leac chuimhneacháin ar a gcuid siúlóidí, a deir Eddie Joe Mac Aoidh, agus gan eolas ar bith acu faoin cheangal a bhí ag Gabhla le ceann de na heachtraí is mó a tharraing aird an domhain le blianta anuas. Tá pictiúr sa tsiopa aige de na fir agus insíonn sé a scéal do na turasóirí a thagann chuige ar lorg cupa tae agus rud beag eolais.
Ó tharla sléacht 9/11, cuireadh comhartha in airde ar choirnéal idir 79 Street agus 4th Avenue i Brooklyn, roinnt blianta ó shin, in gcuimhne ar Patrick Sullivan. Tá sé ainmnithe mar ‘Patrick Sullivan 9/11 Memorial Way’.
Ó chathair Nua-Eabhrac go New Jersey, trasna na farraige móire, maireann cuimhne agus scéal Peter Milano agus Patrick Sullivan ar oileán Ghabhla.

