Pádraig Breandán Ó Laighin, The Irish-Language Community: Population, Institutions, Status, a Social Contract, and a New Paradigm. Baile Átha Cliath: Cló na nGael, 2026. Clúdach crua, xvi + 448 lch., €30.
Is furasta tráth cinniúnach don Ghaeilge a fhógairt; mar a fógraíodh go minic roimhe seo. Mar sin féin, tá údar dóchais ann: ó 2022 tá an Ghaeilge ar comhchéim leis na 23 theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh; tá borradh faoi na meáin Ghaeilge; agus leagtar síos in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, an sprioc, faoi dheireadh 2030, go mbeidh 20 faoin gcéad ar a laghad d’earcaigh i gcomhlachtaí poiblí inniúil ar an nGaeilge. Is leabhar é seo don am i láthair.
Le blianta, d’fhan céatadán na ndaoine a mhaígh go raibh Gaeilge acu go réasúnta seasmhach. San am céanna, tháinig laghdú ar na deiseanna í a úsáid, lagaíodh an tarchur ó ghlúin go glúin agus tháinig brú ar phobail Ghaeltachta. Bhí, mar atá fós, marthanas na teanga ag brath cuid mhór ar an gcóras oideachais. Is é an dúshlán anois an cumas sin a iompú ina úsáid sa tsochaí agus ina chumhacht institiúideach.
Saothar scolártha is ea The Irish-Language Community, ach ní leabhar do shaineolaithe amháin é. Tá an scríbhneoireacht soiléir, na léaráidí agus na figiúirí thar barr, agus an leabhar féin ar ardchaighdeán. Tá moladh tuillte ag an údar agus ag Cló na nGael as saothar taighde tarraingteach a chur ar fáil. Leanann an leabhar seo Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas agus Cumhacht (2022) ón údar céanna. Cé gur léir an gaol eatarthu, ní aistriúchán Béarla atá ann seo, ach athcheapadh agus leathnú suntasach ar an saothar sin.
Ní maisiúchán amháin é an fotheideal: is ann atá cnámharlach na hargóna le feiceáil. Ag tarraingt ar chreat Bourhis maidir le beogacht teanga, eagraíonn Ó Laighin a anailís de réir daonra, institiúidí agus stádais, sula leagann sé amach an conradh sóisialta agus an pharaidím úr. Cabhraíonn an struchtúr seo leis réimse fíorchasta a thabhairt faoi smacht: daonáirimh, stair na Gaeltachta, pleanáil teanga, teaghlaigh, oideachas, meáin, dlí agus riarachán, i bPoblacht na hÉireann, i dTuaisceart Éireann, sa Bhreatain agus san Aontas Eorpach.
Is sa phlé ar an daonra a thagann ceist mhór chun cinn. Measann Ó Laighin gurb ionann pobal na Gaeilge agus beagnach dhá mhilliún duine a dúirt i nDaonáireamh 2022 go raibh cumas éigin sa Ghaeilge acu. Tá bunús lena argóint i gcoinne an pobal a laghdú go líon na gcainteoirí laethúla amháin. Ach tá bearna idir beagán Gaeilge a bheith ag duine agus a bheith ina bhall gníomhach de phobal teanga. Ní grúpaí glanscartha iad pobal na Gaeilge agus pobal an Bhéarla ach oiread: tá Béarla ag pobal na Gaeilge agus glacann siad páirt sa dá shaol. Is uirlisí fónta anailíse iad na catagóirí, ní teorainneacha sóisialta dochta.
An argóint is treise sa leabhar ná go ndearna an Stát claochlú ar a fhreagracht féin. Sa phleanáil teanga, cuireadh an dualgas ar phobail agus ar shaoránaigh dhíograiseacha, agus lean an Stát leis ag feidhmiú trí Bhéarla. Tugtar rogha teanga don saoránach ar pháipéar, ach roghnaigh an Stát féin an bealach praiticiúil .i. a bheith ag feidhmiú trí Bhéarla. Tá macalla anseo d’idé-eolaíocht an stáit bhig, mar atá, iarraidh ar an bpobal an obair a dhéanamh ach an chumhacht institiúideach a choinneáil in áit eile.
Ní cáineadh lom atá sa leabhar, áfach. Aithníonn Ó Laighin obair dhearfach Roinn na Gaeltachta agus Fhoras na Gaeilge sa phróiseas pleanála; molann sé láithreáin tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht agus i lárionaid uirbeacha, seirbhísí do theaghlaigh óga agus deiseanna fostaíochta a chuirfeadh luach sóisialta agus eacnamaíoch leis an teanga. Ní leor daoine a ghríosú chun Gaeilge a labhairt; caithfear an margadh saothair agus na hinstitiúidí ina bhfeidhmíonn siad a athrú.
Sa scéal a insíonn an leabhar dúinn faoin mbealach a ndeachaigh an Stát amú i leith na Gaeilge ón na 1960idí ar aghaidh, tá an léamh a dhéantar ar T. K. Whitaker dúshlánach go maith. Cé go n-aithnítear é go forleathan mar ailtire na hÉireann nua-aimseartha agus mar dhuine a raibh bá aige leis an nGaeilge, mar sin féin, déanann Ó Laighin cur síos air mar dhuine d’ailtirí na Gaeilge siombalaí .i. teanga a raibh ardmheas uirthi mar shiombail náisiúnta ach a díbríodh ó ghnáthobair riaracháin an Stáit. Léiríonn sé gur fheidhmigh roinnt rannóg den státseirbhís go hiomlán trí Ghaeilge sna 1960idí, sular tháinig meath tubaisteach ar an gcumas Gaeilge sin.
Sa chíoradh ar stádas na Gaeilge, déantar plé ar an mBunreacht, ar an reachtaíocht, ar Thuaisceart Éireann agus ar an Aontas Eorpach i gcuideachta a chéile, agus dírítear go háirithe ar an mbearna idir an stádas foirmiúil a thugtar don Ghaeilge agus an méid de a chuirtear i bhfeidhm go praiticiúil. Foilsíodh Plean Gníomhaíochta do Sheirbhísí Poiblí Gaeilge 2026–2028 i mí Eanáir 2026, tar éis don leabhar seo a bheith tugtha chun críche. Cé gur forbairt shuntasach a bhí sa mhéid sin, ní bhaineann sé bonn den argóint níos leithne a dhéantar sa leabhar faoin moill, faoin easpa comhlíonta agus faoin mbearna idir gealltanas agus cur i bhfeidhm.
Is ar choincheap an chonartha shóisialta a thógtar an forógra. Bhí an Ghaeilge lárnach sa tsamhlaíocht náisiúnta a thug dlisteanacht don neamhspleáchas; dá bhrí sin, tá freagracht ar an Stát a chinntiú nach siombail fholamh í. Ní hionann sin agus an Béarla a dhíbirt. Aithníonn Ó Laighin gur féidir féiniúlacht náisiúnta na hÉireann a chur in iúl sa dá theanga. Cothromaíocht institiúideach atá á héileamh aige, a ligfeadh don Ghaeilge feidhmiú mar theanga bheo phoiblí.
Mar a deir sé, tá gá le “hathrú paraidíme lena dtabharfar athrú bunúsach institiúideach, ag tosú le riarachán an Stáit, agus lena n-athchothromófar cúrsaí teanga sa tsochaí” (lch. 26, m’aistriúchán féin).
Ní gá glacadh le gach gné dá dhiagnóis chun tábhacht an tsaothair a aithint. Cuireann sé ar fáil léargas cuimsitheach ar an méid a tharla agus clár oibre don am atá le teacht. Ba cheart do lucht déanta beartais, d’eagraíochtaí Gaeilge agus do gach duine ar suim leis todhchaí na teanga dul i ngleic leis na dúshláin iomadúla a ríomhtar ann. Más mian linn go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre ag an Stát, ní féidir neamhshuim a dhéanamh den leabhar seo.
