Cad é an chéad phíosa ealaíne is mó a d’imir tionchar ort mar dhéagóir?

Ba é Jig It in Style, albam aonair Sheáin Keane, an saothar ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm. Bhí Seán ina fhidléir leis na Chieftains, ina dhlúthchara de chuid mo thuismitheoirí, agus ar comhchéim leis na fidléirí ab fhearr in aon seánra. D’éist mé leis arís agus arís eile mar dhéagóir. Las sé spréach ionam atá fós á cothú agam.

Cén t-ealaíontóir beo is mó a bhfuil meas agat air?

Matt Molloy. Tá a oidhreacht slán agus sheinn sé sna hallaí ceolchoirme is mó ar domhan, ach cleachtann sé gach lá agus é beagnach ochtó. Feicim an dúthracht chéanna i Noel Hill agus Christy Moore: iarracht shíoraí teacht níos gaire don fhís ealaíonta phearsanta atá acu dóibh féin.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Nílim róthógtha leis an bhfocal ‘bród’, ach is mór an sásamh dom port dearmadta i lámhscríbhinn, uaireanta ón tréimhse roimh an nGorta Mór, a fheiceáil á aimsiú ag ealaíontóir agus ag filleadh ar an ardán, ar na seisiúin agus ar chroí an phobail. Sin cartlann bheo ag obair ar a seacht ndícheall. Bhí Shared Island Flute Series ITMA thar a bheith fiúntach freisin. Thugamar naonúr seinnteoirí fliúite le chéile – ó Chiarraí Thiar go Béal Feirste Thoir, ó thraidisiúin Ghaelacha go traidisiúin Albanacha Uladh. Bhí daoine ann a d’fhulaing ar gach taobh den deighilt, agus ceoltóirí a chuir a mbeatha i mbaol chun seisiúin a sheinm trasna teorainneacha seicteacha. Nuair a labhair an ceol, níor sheas na steiréitíopaí ‘glasa’ agus ‘oráiste’. Tá an scéal á thabhairt do lucht féachana náisiúnta in Foinn na Fliúite ar TG4. Tá súil agam go spreagfaidh sé machnamh ar an méid is féidir leis an gceol traidisiúnta a thairiscint agus muid ag samhlú todhchaí níos fearr don oileán seo.

Ní féidir an t-ábhar Gaeilge do pháistí a chur i gcomparáid leis an ábhar Béarla ó thaobh taitnimh nó spéise de. Caithfimid muinín na múinteoirí a chothú, seachas iad a thástáil.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Mhúin Séamus Glackin an fhidil dom ó bhí mé an-óg. Níor mhaolaigh sé a thuairimí ná a chaighdeáin. Bhí sé deacair dul i bhfeidhm air, ach d’oibrigh sé sin domsa: thug sé dúshlán úr dom gach seachtain agus spreag sé mé le bheith níos fearr. Thug sé i bhfad níos mó dom ná ceachtanna fidle.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Bhí an t-ádh orm teacht ar an saol i dteaghlach ceolmhar i mBaile Dúill. Is bailitheoir, scríbhneoir, taighdeoir agus seinnteoir feadóige é m’athair, Mick O’Connor. Is as Inis Díomáin, Contae an Chláir, do mo mháthair, Ann. Ba mise an duine ab óige sa teaghlach agus bhí teach lán ceoil agus tacaíochta againn.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

Táim chun an cheist a lúbadh: rachainn go Nua-Eabhrac sna 1920idí nó 1930idí chun Michael Coleman a chloisteáil gan phianó. D’fhág an fidléir as Sligeach caighdeán ar na dioscaí 78 rpm atá fós mar shlat tomhais againn. I dtionscadal le David Lennon, bhain ITMA an pianó de na taifeadtaí leis an Intleacht Shaorga. Is dochreidte éisteacht le Coleman agus an tionlacan bainte de.

Cad iad na rudaí is fearr ar éist tú leo, a léigh tú, nó atá feicthe agat le déanaí?

Chuaigh An Irish Atlantic Rainforest le Eoghan Daltun agus Wild Connemara le mo chara Eoin Warner go mór i bhfeidhm orm. Táim ag súil go mór le leabhar nua Eoin, Through the Long Grass: Love, Loss and Belonging in Nature, a léamh. Tá léargas as cuimse ag Eoin ar an dúlra in Éirinn, ar an áit atá aige inár gcultúr, agus ar na deiseanna agus na bagairtí atá romhainn. Caithfimid aghaidh ionraic a thabhairt ar an gcaoi a gcaitheann muid lenár dtírdhreach.

Cad é an mhíthuiscint is mó atá ag daoine faoi do shaol mar ealaíontóir?

Go bhfuil ceol traidisiúnta na hÉireann statach. In ITMA, cuirimid cumadóir beo i láthair gach mí agus d’fhéadfaimis leanúint leis sin go deo. Fásann an stór gach lá. Is foirm ealaíne thar a bheith daonlathach í: ní thagann port ná amhrán chun bheith traidisiúnta mura maireann sé i gcroí agus in intinn an phobail. Sin atá á fhiosrú againn i dtaispeántas Christy Moore, How Do Songs Live? a bhéas á sheoladh ag ITMA le Christy i mí Dheireadh Fómhair.

Cad é an comhthéacs is aistí ina raibh tú de bharr do chuid oibre?

Seó madraí in Óstán an Shelbourne agus mé i mo dhéagóir. Fostaíodh mé le ceol traidisiúnta a sheinm ach, mar a tharla sé, is ceol teannais a bhí uathu agus na moltóirí ag déanamh cinntí faoi mhadraí a bhí díreach tar éis cúrsa bacainní a chríochnú. Ait.

Cad iad do thuairimí faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn? Agus cén fáth, dar leat, a bhfuil sé ag tarlú?

Tá an Ghaeilge ar thairseach mórathraithe, le fuinneamh úr i mBéal Feirste, i nDoire agus i mBaile Átha Cliath. Is féidir leis an réabhlóid teacht ón oirthear sna Galltachtaí agus tacú leis an tobar san iarthar sna Gaeltachaí; ní ceist dhénártha í. Ach mar iar-mhúinteoir bunscoile, sílim go gcaithfear an teagasc a athrú ó bhonn. Ní féidir an t-ábhar Gaeilge do pháistí a chur i gcomparáid leis an ábhar Béarla ó thaobh taitnimh nó spéise de. Caithfimid muinín na múinteoirí a chothú, seachas iad a thástáil. Tá rath le feiceáil lasmuigh den churaclam; anois caithfimid na ceachtanna sin a thabhairt isteach sa seomra ranga. Ní féidir linn glúin eile a chaitheamh á chur ina cheart.

Cad é do mhana?

Mar a dúirt an máistir fidle Leopold Auer: “Tosaíonn an ealaín san áit a gcríochnaíonn an teicníc.”

Foclóir:

dlúthchara = close friend

beagnach ochtó = almost eighty

dúthracht = devotion

lámhscríbhinn = manuscript

slat tomhais = yardstick