Beidh breis agus 50 imeacht saor in aisce ar siúl ar fud Bhaile Átha Cliath idir an 14 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair

Deir Stiúrthóir Fhéile Bronntanas gur féidir leis an Ghaeilge agus leis an dátheangachas deiseanna nua a oscailt do theaghlaigh agus do dhaoine óga.

Tá HK Ní Shioradáin i gceannas ar an dara bliain de Bronntanas, féile teaghlaigh saor in aisce i mBaile Átha Cliath a cheiliúrann teanga agus cultúr na hÉireann.

Ach deir HK go raibh tréimhse ann nuair a bhí deacrachtaí acu a n-áit sna healaíona Gaeilge a aithint.

“Bhí an Ghaeilge mórthimpeall orm i gcónaí agus mé ag fás aníos agus bhí grá agam don teanga, ach ní fhaca mé an cineál ealaíon comhaimseartha a raibh suim agam iontu á chruthú trí Ghaeilge,” a deir HK.

Tháinig an cor cinniúnach nuair a d’oibrigh siad ar an léiriúchán amharclainne Gaeilge a raibh ardmholadh ag baint leis, Grindr, Saghdar, agus Cher.

“D’athraigh sé mo dhearcadh go hiomlán nuair a chonaic mé ealaíontóirí de mo ghlúin féin ag cruthú saothair chomhaimseartha trí mheán na Gaeilge,” a deir HK.

“Nuair nach bhfeiceann tú rud éigin, is deacair thú féin a shamhlú á dhéanamh. Ansin go tobann bhí mé timpeallaithe ag daoine a bhí ag cruthú saothar spreagúil, greannmhar, nua-aimseartha trí Ghaeilge agus shíl mé: más féidir leosan é a dhéanamh, is féidir liomsa é a dhéanamh freisin.”

Anuraidh, ghlac HK páirt san fhéile mar dhuine de na healaíontóirí a coimisiúnaíodh agus i mbliana ceapadh HK ina Stiúrthóir Féile do Bronntanas 2026. Agus an fhéile ag dul isteach ina dara bliain anois, is í Gaeilge365 – comhpháirtíocht idir ceithre údarás áitiúla Bhaile Átha Cliath – a chuireann i láthair í; beidh breis agus 50 imeacht saor in aisce ar siúl ar fud Bhaile Átha Cliath idir an 14 Meán Fómhair agus an 4 Deireadh Fómhair.

Is é aidhm na féile ná cuireadh a thabhairt do theaghlaigh taithí dhearfach a fháil ar an Ghaeilge agus ar na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas trí scéalaíocht, ceol, drámaíocht, ealaíona, gníomhaíochtaí faoin aer agus ceardlanna. Do HK, tá an sprioc simplí. “Ba mhaith liom go bhfágfadh daoine aon bhrú ag an doras. Ní gá Gaeilge fhoirfe a bheith agat. Ní gá aon Ghaeilge a bheith agat ar chor ar bith.

“Tá a fhios againn go mbaineann buntáistí suntasacha cognaíocha leis an dátheangachas, ach ba mhaith linn go bhfeicfeadh teaghlaigh an Ghaeilge mar rud taitneamhach, cruthaitheach agus fáilteach chomh maith. Sin croílár Bronntanas.

“Baineann an Ghaeilge agus na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas le gach duine agus tá áit ann do chách.”