Tá sé deacair fios a bheith agat cén sprioc atá ag an Ord Oráisteach ina n-iarratas úr le Coimisiún na Mórshiúlta ar pharáid a eagrú ar Bhóthar Gharbhachaidh, ceantar náisiúnach i bPort an Dúnáin, Contae Ard Mhacha. Ag eascairt ó rialú a rinne an Ardchúirt le déanaí, tá iarratas á dhéanamh ar mhórshiúl a reáchtáil ar an bhóthar an 27 Meán Fómhair, dáta nach bhfuil aon stair ná suntas ag baint leis maidir le mórshiúlta den chinéal seo.

Is beag trácht a bhí ar Dhroim Crí agus ar Bhóthar Gharbhachaidh le 28 mbliana anuas seachas na scéalta stairiúla faoin am achrannach sin. Bhí tráth ann a dhíríodh súile an domhain ar an cheantar go bliantúil agus bhaineadh an scéal stangadh as daoine mar gheall ar an fhoréigean, an teannas agus na heachtraí uafásacha a thit amach de bharr an mhórshiúil.

Bhí rialú na hArdchúirte soiléir, agus níl aon amhras go raibh an cur chuige a bhí ag Coimisiún na Mórshiúlta i dtaca leis an iarratas a rinne an tOrd Oráisteach ar an mhórshiúl áirithe sin lochtach. Is gá don Choimisiún anois a léiriú don phobal go bhfuil meicníochtaí láidre úra á dtabhairt isteach acu lena bpróisis chinnteoireachta a dhaingniú.

Tugadh deis don Choimisiún é sin a dhéanamh faoin athbhreithniú breithiúnach atá fógartha ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann Chris Bryant agus, thar am, beidh siad in ann atógáil a dhéanamh ar mhuinín an phobail, ar a laghad ina measc siúd a thacaigh leis an Choimisiún ón tús.

Tá codanna móra den phobal aontachtach nár thacaigh le Coimisiún na Mórshiúlta riamh, ní mar gheall go raibh siad amhrasach faoi na próisis a reáchtáladh laistigh den Choimisiún féin, ach mar gheall nár chreid siad gur chóir go mbeadh a leithéid de struchtúr ann sa chéad dul síos.

Ar an iomlán, cailleadh 21 duine idir mí Iúil 1996 agus mí Mheithimh 1999 mar gheall ar an teannas a bhain le mórshiúl Dhroim Crí.

Bunaíodh Coimisiún na Mórshiúlta le ceisteanna casta conspóideacha faoi mhórshiúlta a bhaint ó réimse na polaitíochta, ach leis an rialú Ardchúirte is déanaí seo tá polaiteoirí caite ar ais isteach sa scéal agus tá baol láidir ann go bhfuil na sean-argóintí agus deacrachtaí céanna á n-ardú in athuair.

Le roinnt blianta anuas, is minice a bhíonn caint ann faoi chúrsaí praiticiúla na mórshiúlta seachas faoi rud ar bith eile: srianta ar amanna máirseála, deacrachtaí tráchta le cur san áireamh, agus céimeanna pragmatacha eile. Ceadaítear agus reáchtáiltear na céadta mórshiúl de chuid an Oird Oráistigh gach bliain anois.

Is cinnte go mbíonn roinnt deacrachtaí anseo is ansiúd, ceol a sheinntear nár chóir agus srianta nach leantar ina n-iomláine, mar shampla. Ach tá glúin iomlán i ndiaidh fás aníos le beagnach tríocha bliain anuas nach bhfaca an trioblóid bhliantúil a tháinig le mórshiúlta conspóideacha ag an leibhéal seo.

Tá stair fhada bhrónach ag an scéal seo agus tá sé deacair cur síos a dhéanamh ar cé chomh domhain agus a bhí an damáiste a tharla thar na blianta ba mheasa.

In 1998 i ndiaidh don Choimisiún cosc a chur ar an Ord Oráisteach máirseáil ó Dhroim Crí, maraíodh triúr deartháireacha óga, Richard (11), Mark (9) agus Jason Quinn (8) nuair a rinne paraimíleataigh dhílseacha ionsaí coirloiscthe ar a dteach i mBaile Monaidh, Contae Aontroma. In 1996, fuair buachaill óg Caitliceach eile, Darren Murray (12), bás i bPort an Dúnáin féin dhá lá i ndiaidh do ghluaisteán é a leagan tar éis aighneas idir é féin agus páistí Protastúnacha a bhí ag spochadh as. In 1999 dhúnmharaigh dílseoirí Rosemary Nelson, dlíodóir aitheanta a d’oibrigh ar son chónaitheoirí Bhóthar Gharbhachaidh. Sa bhliain chéanna maraíodh Elizabeth O’Neill, Protastúnach a bhí pósta le Caitliceach, nuair a caitheadh buama píopa isteach ina theach i bPort an Dúnáin.

Ar an iomlán, cailleadh 21 duine idir mí Iúil 1996 agus mí Mheithimh 1999 mar gheall ar an teannas a bhain le mórshiúl Dhroim Crí. Dúirt iar-pholaiteoir de chuid an SDLP agus iar-bhall den Bhord Póilíneachta Dolores Kelly gur chóir don Ord Oráisteach a machnamh a dhéanamh ar an chostas daonna a bhain leis an chuid seo den choimhlint.

Do mhuintir Bhóthar Gharbhachaidh a bhfuil cuimhne acu ar na laethanta uafásacha siúd, caithfidh gur tromluí atá sna scéalta nuachta atá ag caitheamh spotsolas ar an cheantar arís i ndiaidh na mblianta.

Mar sin, cé go bhfuil, go teoiriciúil, lánchead ag an Ord Oráisteach iarratas a dhéanamh le Coimisiún na Mórshiúlta ar mhórshiúl a reáchtáil sa cheantar sin ar an 27 Meán Fómhair, tá sé deacair a thuigbheáil cén sprioc a bheadh acu leis an cheist seo a oscailt in athuair agus an gortú, an t-aighneas agus an teannas a spreagadh arís eile.

Tá ráite ag an Ord Oráisteach agus ag polaiteoirí aontachtacha araon nach gcreideann siad go bhfuil seasamh bailí ag an Choimisiún faoi láthair agus gur chóir do na sé Choimisinéir atá fós ina bpost éirí as a róil láithreach.

Ciallaíonn sé sin go bhfuil iarratas á dhéanamh acu le Coimisinéirí nach bhfuil aon mhuinín acu astu, agus dá réir sin ní bheidh aon chinneadh a dhéanfar sásúil dóibh. Mura gceadaítear an t-iarratas déanfar gearáin go bhfuil éagóir á déanamh ar an Ord agus srianta á gcur orthu. Má cheadaítear an t-iarratas beidh baol nach beag ann go n-athosclófar an díospóireacht throm seo arís. Ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, is drochmhothúcháin agus tuilleadh aighnis gan chiall an toradh a bheidh ar iarratas nua an Oird Oráistigh.

Foclóir:

Ord Oráisteach = Orange Order

Droim Crí = Drumcree

iarratas = application

foréigean = violence

go teoiriciúil = theoretically

spotsolas = spotlight

coirloscadh= arson