Is fearr go mall ná go brách a deirtear agus i gcás throid Katie Taylor is fíor é sin.

Ní rún é go raibh sí ag iarraidh troid i bPáirc an Chrócaigh sula gcríochnódh sí a saol gairmiúil mar dhornálaí agus san oíche Dé Sathairn beidh a brionglóid comhlíonta agus súil againn go gcríochnóidh sí le bua.

Níl a fhios agam an bhfuil an físeán feicthe agat fós leis an aisteoir Barry Keoghan ag insint scéal Katie atá á chur chun cinn ag an phoiblitheoir Matchroom Boxing faoi stiúir Eddie Hearn. Is scéal álainn é leis an mana Fadó Fadó.

Tá sé go hálainn mar cuireann sé in iúl dúinn an fhís a bhí ag Katie ó bhí sí ina cailín óg, an méid atá déanta aici chun dornálaíocht a chur chun cinn do chailíní agus mná agus an tionchar a bhí agus atá aige sin ar an spórt.

D’athraigh sí an spórt mar nuair a thosaigh sí amach, ní raibh cead ag cailíní fiú a bheith ag dornálaíocht. Cuireadh dornálaíocht chun cinn mar chomórtas do mhná sna Cluichí Oilimpeacha in 2012 mar gheall uirthi.

Thosaigh sí ag troid go gairmiúil deich mbliana ó shin agus í ina bean shaibhir anois mar gheall ar na troideanna gairmiúla sin. Spreag sí daoine chun proifíl an spóirt a ardú agus í ag troid ar Netflix agus mar an phríomh-throid ag Madison Square Garden.

Is cuimhin linn go maith na troideanna éachtacha a bhí aici le Amanda Serrano, an chéad cheann sa ghairdín agus é díolta amach. Is ceart mar sin go mbeadh sí mar an phríomhthroid arís sa bhaile agus an ciorcal tar éis casadh ina iomláine di.

Ó dhuine nach raibh in ann dul ag dornálaíocht go dtí anois an bhean is aitheanta ó thaobh an spóirt de.

Gan dabht, tá an oiread sin ceana ag muintir na hÉireann uirthi agus bhí sin le feiceáil nuair a chuaigh sí féin agus bainistíocht Matchroom Boxing agus a bainisteoir féin Brian Peters ar thuras timpeall na tíre. Bhí gnáthdhaoine ag teacht chuici chun heileo a rá léi agus grianghraf a fháil léi.

D’aithin muintir na tuaithe duine s’acu féin agus tuigeann muid Katie. Is duine umhal álainn í le meas aici ar dhaoine agus seasann sin léi i súile an phobail.

Ach mar is eol dúinn, ní bhíonn spórt maoithneach ná na daoine thart uirthi. Is gnó é agus léiríonn sé an tarraingt atá aici go bhfuil an t-ionad díolta amach.

Ach bhíothas cliste leis an mhéid a bhí ar thicéid. Nuair a throid Mohammed Ali san ionad céanna in 1972 ní raibh ach timpeall 20,000 duine ann, le costas na dticéad ina bhac mór ar dhaoine. Do throid Katie, bhí ticéad ar fáil ar €38.70, le ticéid teaghlaigh ar €125.50.

Bhí sé tábhachtach go mbeadh gnáthdhaoine, a pobal féin, in ann a bheith i láthair agus sin an rud a bheas ann. B’in na ticéid is mó a d’imigh go luath le teaghlaigh ag iarraidh dul ann.

Tá Katie ag iarraidh a bheith mar sheaimpín an domhain faoi thrí agus í ag tabhairt aghaidh ar Flora Pili ón Fhrainc nach bhfuil troid caillte aici agus atá 12 bhliain níos óige ná Katie.

Sa Fhrainc a bhí an chuid is mó de throideanna s’aici go dtí seo agus í ag troid san Iodáil agus Lucsamburg fosta. Níl mórán ag caint fúithi ach seo deis iontach ag Pili a lámh a chur in airde mar an aghaidh nua do spórt na mban ach ní bheidh mórán cairde sa chúirt aici ag an deireadh seachtaine.

Is í Páirc an Chrócaigh an mheice do thacadóirí agus imreoirí spóirt na tíre seo, amharclann do bhrionglóidí agus do bhean atá i ndiaidh an méid sin spreagtha a thabhairt do chailíní agus mná in achan spórt sa tír seo, is iontach an áit í chun deireadh a chur lena brionglóid spóirt.

Beidh le feiceáil an mbeidh Katie in ann críoch a chur leis le bua agus ar a téarmaí féin. Seans nach mbeidh ceol Frank Sinatra le cluinstin ag deireadh na troda ach bí cinnte go bhfuil saol gairmiúil Katie déanta a bealach féin aici.

Tá muid thar a bheith buíoch as an eiseamláir a thug sí dúinn agus an spreagadh gur féidir brionglóidí mór millteach a bheith agat agus is féidir iad a chomhlíonadh. D’oibrigh sí crua dóibh ina bealach ciúin umhal agus diongbháilte féin. Tá súil againn uilig go bhfaighidh sí an deireadh atá tuillte aici.

Laoch ár linne agus nach bhfuil an t-ádh orainn go raibh muid beo chun a bheith ar an turas sin léi?