Is minic a úsáidtear an dá fhocal béal agus tóin sa teanga seo againne. Ach is annamh a théitear isteach ródhomhain san fhorbairt a tháinig ar na ciallanna atá leo le himeacht na mblianta. Ach is orthu a tharraingeoidh muid aird inniu le súil beagán eile eolais a fháil fúthu agus aithne a chur orthu. Léiríonn na bríonna uilig atá acu an cumas atá sa teanga a dúchas féin a fhorbairt ar bhealach nádúrtha, samhlaíoch gan a bheith ag tarraingt as nó ag aithris ar aon teanga eile.
Seans nach smaoiníonn daoine gurb é an focal béal atá a i bhfolach san fhocal Béarla. Deirtear gur Bélra a bhí ann i dtús báire ach gur casadh na consain droim ar ais ann. Is dóiche gurb é an chiall a bhí leis an chéad uair a cumadh é – bailiúchán cainte sa bhéal – is é sin ag caint. Luaigh muid in alt eile gurb ionann ra/radh agus bailiúchán de rud éigin, mar shampla macra, samhradh srl. (slua buachaillí óga, tréimhsí teasa). Tá leaganacha eile sa teanga le fada Béarla na nÉan, Béarla na bhFilí, Béarla na Féinne – is é sin an cinéal teanga a labhair na Filí, na Fianna agus caint na nÉan.
Is léir ó na haistriúcháin Bhéarla a thugtar ar an fhocal gur leathan an réimse céille atá leis sa lá atá inniu ann: ‘edge, rim, mouth of cavity, orifice, opening part of’ etc. Seo liosta d’úsáidí coitianta den fhocal béal agus is léir orthu go bhfuil ceangal láidir céille eatarthu go léir: béal an dorais, béal na sráide, béal na toinne, béal na habhann, béal an mhála, comharsa béal dorais is araile. Tá úsáidí eile ann nach bhfuil chomh trédhearcach sin, cé go bhfuil an bhunbhrí i bhfolach iontu mar sin féin, mar atá i mbéal mo ghoile, imeacht i mbéal do chinn, béal na scine.
Tháinig ciall eile leis an fhocal le himeacht ama, is é sin rud a bheith réidh le nó ar tí tarlú. Is síniú beag ar bhunchiall an fhocail béal atá i gceist anseo – ar bhéala/i mbéala báis (“at death’s door”), ar bhéala breith (“about to give birth”), ar béal maidine (“first thing in the morning”) is araile.
Tugtar tús áite don fhoirm tóin sna foclóirí inniu. An ball deiridh ‘hindquarters’ a thugann daoine eile air.
Sula n-imí mé ón fhocal béal, tabhair d’aird ar na leaganacha seo a leanas agus an chiall ata leo – béal bán “sweet talk”, béal bocht “sob story, pleading poverty”, is binn béal ina thost “silence is golden”, tháinig trí lá i mbéal a chéile de dhrochaimsir “three days in a row of bad weather”.
Tá Béal an-choitianta fosta in áitainmneacha ar fud na tíre agus is é an bhrí a bhaintear as – tosach nó tús ruda – go háirithe ag baint le huisce: abhainn, farraige, áth, fearsaid is araile. Seo roinnt samplaí den úsáid seo – Béal Feirste ‘Belfast’ (< fearsaid), Béal an Átha ‘Ballina’, Béal na Bláth, Béal Átha hAmhnais ‘Ballyhaunis’, Béal Átha an Ghaothraidh ‘Ballingeary’, Béal Árann ‘Aran Sound’, Béal Átha Seanaidh ‘Ballyshannon’ agus go leor eile.
Scéal beag deiridh faoin fhocal seo. Bhí fear ar m’eolas agus is beag Béarla a bhí aige. Ba fuath leis a bheith ag gabháil chuig Oifig an Leasa Shóisialaigh. Nuair a déarfadh oibrí na hoifige “Any change in your circumstances?” Is é an rud a deireadh sé, Naoi mbéal bheaga agus dhá bhéal mhóra!
Gheall mé go labharfadh muid ar an fhocal Tóin agus an úsáid a bhaintear as. An chéad rud is ceart a rá go bhfuil dhá fhoirm ar an fhocal i gcaint na ndaoine, is é sin tóin agus tón agus seans gur mar sin a bhí go stairiúil. Tugtar tús áite don fhoirm tóin sna foclóirí inniu. An ball deiridh ‘hindquarters’ a thugann daoine eile air. Ciallaíonn an focal an chuid íochtarach de rud ar bith – tóin an mhála ‘the bottom of the bag’, tóin an bhaile ‘the lower end of the town’, tóin bríste ‘seat of trousers’ agus araile. Tá an t-ainm Tóin re/le Gaoth in áitainmneacha na tíre fosta agus na leaganacha Béarla ‘Tonlegee’, ‘Tanderagee’ is araile orthu. Is minic a deirtear gur gaoth (‘wind’) atá i gceist ach seans mór gur gaoth a chiallaíonn ‘inlet of the sea, lake’ is araile atá i gceist. Bhur mbarúil, a léitheoirí?
Tá mórán eile frásaí agus cora cainte i nGaeilge a n-úsáidtear an focal tóin iontu, a leithéidí seo: uisce ar thóin criathair ‘an impossible task’, tá do thóin leis an scéal agat ‘you don’t know what you are talking about’, Thiontaigh sé a thóin liom ‘He turned his back to me’. Fágfaimid mar sin inniu é.
Nóta don léitheoir: Má tá ceist ar bith agat ba mhaith leat a chur ar Dhónall i dtaobh focal, nathanna, logainmneacha nó sanasaíocht na Gaeilge, seol teachtaireacht chugainn ag [email protected].
Foclóir
Ag aithris ar = immitating
Áth = Ford
A dúchas féin = Her innate capacity
Béal na scine = Knife edge
Béal na toinne = Edge of the waves
Casadh = Rearrange
Droim ar ais = Back to front
Fearsaid = Ridge of sand in tidal waters
I mbéal do chinn = To wander off
Samhlaíoch = Imaginative
Tabhair d’aird air = Be aware of
