Lá geal geimhridh ba ea an Mháirt sin in La Paz na Bolaive. Bhí mé i ndiaidh an chathair, atá cuachta go hard i log lom leathan sna hAindéis, a bhaint amach cúpla lá roimhe sin agus bhí giota maith den áit feicthe agam cheana, de shiúl na gcos agus ar an ghréasán iontach carranna cábla atá ina ndlúthchuid de chóras iompair phoiblí na cathrach.

Chuaigh an bailedhreach go mór i bhfeidhm orm: tithe brící, díonta stáin, beocht, bochtanas, agus an sliabh naofa Illimani ag bun mantach na spuéire i gcónaí.

Is é an seanlár a bhí mar cheann scríbe agam an tráthnóna áirithe sin. Shiúil mé fríd na sráideanna cúnga plódaithe, thar na mangairí agus na mótair, a fhad le Plaza Murillo, cearnóg bheag ghnóthach lán le saoránaigh, póilíní armtha agus colúir ocracha. Spás poiblí pléisiúrtha go leor atá ann, é timpeallaithe ag sráid dhoirneogach agus foirgnimh mhaorga ó ré na coilíneachta, agus is dealbh in ómós do Pedro Domingo Murillo é féin – duine de cheannairí neamhspleáchais na Bolaive ar chroch na Spáinnigh é in 1810 – atá suite i lár baill. Tá Ardeaglais bharócach ann atá ainmnithe i ndiaidh Mhuire na Síochána (an teideal céanna a leag na conquistadores ar an chathair ar fad gan amhras), sin agus iarphálás stáidiúil stuama ar ceanncheathrú an rialtais anois é.

Shuigh mé ar chéim chloiche le mo scíth a ligean agus cúpla teachtaireacht a sheoladh chuig daoine ar ais sa bhaile. Rinne mé comhrá le snasaire bróg agus d’amharc tamall ar na saighdiúirí taobh amuigh de Phálás an Uachtaráin. Bhí cuid acu gléasta in éide an 19ú haois, an tráth ar bhuaigh an tír neamhspleáchas ó Impireacht na Spáinne, agus is gunnaí de chuid na linne seo a bhí ag an chuid eile acu.

Ní raibh aon rud sa radharc os mo chomhair a thug le fios go dtabharfaí faoi coup d’état sa chearnóg chéanna an lá dár gcionn.

Ach sin díreach an rud a thit amach beagán roimh 16:00 an Chéadaoin sin. Ghlac trúpaí seilbh ar an Phlás. D’éiligh ginearál airm athrú rialtais. Bhuail feithicil mhíleata faoi dhoras an Pháláis. D’éirigh idir an ginearál agus an t-uachtarán. Callán. Clampar. Cíor thuathail. Ansin d’imigh na trúpaí.

Is minic a shíltear i seomraí sócúlacha na hEorpa gur i dtíortha aduaine i gcéin a bhíonn an daonlathas faoi bhrú, ach ní hamhlaidh an scéal, ná baol air.

Is ar bhus ag fágáil na cathrach a bhí mé féin ag an am ach scaip an scéala go gasta ar na meáin shóisialta agus bhí imní go leor le mothú i gcomhráite mo chomhthaistealaithe, iad uilig ag amharc ar na físeáin den ionsaí a bhí á roinnt go mear ar líne.

Ní i bhfad a mhair an iarracht ar athrú cumhachta – bhí caint ann ar ‘féin-coup’ fiú amháin, iarracht ag an rialtas breis tacaíochta a mhealladh ón mhórphobal – agus níor cailleadh aon duine le linn na hócáide féin ná sna léirsithe poiblí a lean, ach ba mheabhrúchán glé gonta é ar a thapúla is féidir cuma na cinnteachta titim den daonlathas.

Tháinig an eachtra sin ar ais chun mo chuimhne ar na mallaibh nuair a fuair mé amach gurb é inniu, an 15 Meán Fómhair, Lá Idirnáisiúnta an Daonlathais.

Is iad na Náisiún Aontaithe a chuir tús leis an togra in 2008 chun prionsabail dhaonlathacha a chothú agus a dhearbhú ar fud na cruinne, agus dírítear ar théamaí éagsúla – amhail coimhlintí a chosc, saoirse na meán cumarsáide, agus cumasú daoine óga sa phróiseas pholaitiúil – gach bliain.

Is minic a shíltear i seomraí sócúlacha na hEorpa gur i dtíortha aduaine i gcéin a bhíonn an daonlathas faoi bhrú, ach ní hamhlaidh an scéal, ná baol air.

Níl le déanamh ach breathnú siar i dtreo na Stát Aontaithe, áit a bhfuil smacht an uachtaráin á chur i bhfeidhm ar réimse earnálacha den stát a bhíodh neamhspleách tráth, nó soir i dtreo na Ríochta Aontaithe, áit a bhfuil sé fógartha go neamhbhalbh ag Nigel Farage nach ligfeadh sé do na breithiúna cur isteach ar a chlár oibre dá mbeadh Reform i gcumhacht.

Ní airím oirthear na Gearmáine, mar a bhfuil an eite dheas antoisceach ag borradh agus ag bagairt ar shaoirsí agus ar shaoránaigh in éineacht.

Is liosta le háireamh iad na stáit eile, i ngar agus i gcóngar, ina mbíonn brú níos caolchúisí ar eagraíochtaí neamhrialtasacha, caimiléireacht faoi choim i hallaí na cumhachta, agus cinntí móra tábhachtacha á ndéanamh i bhfad ar shiúl ó ghrinnscrúdú an phobail.

Murab ionann agus an lá sin in La Paz cúpla bliain ó shin, ní gá i gcónaí gur le fuadar fraochta a bhaintear an bonn ón chóras dhaonlathach – is mó seans gur buille ar bhuille, neamart ar neamart, diaidh ar ndiaidh a chreimfear na struchtúir neamhspleácha agus na forais ionadaíocha a bunaíodh le híobairt agus le hallas chun freastal orainn uilig.

Is fíor go bhfuil lochtanna ar an chineál daonlathais is forleithne a chleachtar ar domhan agus go bhféadfadh an córas cinnteoireachta a bheith i bhfad ní ba chóngaraí do Thadhg agus do Threasa an mhargaidh. Ach tógáil air, seachas baint de, atá uainn más mian linn an leas coiteann a bheathú agus an saol a fheabhsú do chách. Ní ceann scríbe é ach próiseas síoraí nach mór dúinn a chothú agus a athnuachan.

Agus ní sna parlaimintí ná sna páláis amháin a mhaireann an daonlathas ach oiread ar ndóigh, ach sna cinntí beaga a dhéanann muid ó lá go lá, sa phlé a bhíonn againn le clann agus le cairde, sa pháirt ghníomhach a ghlacann muid inár gcórais dhaonlathacha, agus san oideachas a chuireann muid chun cinn i leith na mbealaí is fearr agus is cothroime leis an tsochaí a eagrú.

Agus, i ndeireadh na dála, maireann sé sa chumas atá againn, demos an domhain, filleadh ar an phlás, tabhairt faoin tsráid, cruinniú sa chearnóg, le chéile, má thagann an t-éigean.

Foclóir

cuachta = nestled, tucked away

mantach = gap-toothed, jagged

doirneogach = cobbled

cíor thuathail = confusion, chaos, disarray

caolchúiseach = subtle, insidious

neamart = neglect, omission

sócúlach = comfortable, cosy