“Sméara dubha, caoladóireacht agus iomaíocht ghéar don fhata is mó” atá geallta ar Inis Meáin na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo agus Féile na bPuiteachtaí le filleadh ar an oileán don chúigiú bliain as a chéile.

Cuirfear tús leis an fhéile tráthnóna Dé hAoine, an 18 Meán Fómhair, le hOíche Bhothántaíochta mar chuid de cheiliúradh Oíche Chultúir 2026. Beidh an scéalaíocht agus seanchas i gcroílár na hoíche agus an seanchaí Máirín Mhic Lochlainn as Ros a’ Mhíl i mbun scéalaíochta i dTeach Synge, áit a bhfanadh an drámadóir J.M. Synge agus é ar cuairt ar an oileán fadó. Chomh maith leis sin, beidh deis ag an lucht freastail subh mhilis a dhéanamh le puiteachaí blasta Inis Meáin faoi stiúir bhunaitheoir na féile, Aedín Ní Thiarnaigh, agus seanchas an fhómhair a phlé ag an am céanna.

I measc imeachtaí an tSathairn beidh Parkrun 5k feadh bhóithre an oileáin, margadh na féile i Halla Inis Meáin, ceardlann ealaíne le fataí chomh maith le siúlóid dúlra inar féidir le daoine puiteachaí a bhaint agus a bhlaiseadh agus foghlaim faoi phlandaí fiáine an fhómhair.

An Comórtas Bácála agus an Comórtas don Fhata is Mó a bheidh mar phríomhimeachtaí na féile agus cuirfear tús leis an chraic ar fad ag a 3pm Dé Sathairn. Tabharfaidh na hiomaitheoirí milseoga blasta atá déanta le puiteachaí agus fataí móra toirtiúla chuig an halla agus bronnfar duaiseanna ar na buaiteoirí ar an lá.

Ócáid nua is ea an Cheardlann Chaoladóireachta i mbliana, ina bpléifear traidisiún na caoladóireachta in Inis Meáin agus ina dtaispeánfaidh ceardaí áitiúil do na rannpháirtithe conas ábhar a chruthú as driseacha.

Dúirt Aedín nach iad “na puiteachaí amháin atá á gceiliúradh againn, ach saibhreas an oileáin ó thaobh an chultúir agus ó thaobh an dúlra de. Déanann muid iarracht chuile bhliain scileanna an phobail a shníomh isteach sa bhféile. Tá muid ar bís go háirithe mar sin i mbliana an cheardlann chaoladóireachta a bheith ar an gclár. Is ceird í seo a bhíodh coitianta in Inis Meáin uair amháin agus ba bhreá linn ceiliúradh a dhéanamh ar an oidhreacht sin agus í a choinneáil beo.”

Cuirfear clabhsúr leis an fhéile le ceol beo agus oíche shóisialta i dTeach Ósta Inis Meáin oíche Dé Sathairn agus an banna West Wind Trad ar an ardán ó 9.30pm ar aghaidh.

Faigheann Féile na bPuiteachaí tacaíocht ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Comhlacht Forbartha Inis Meáin, Ealaín na Gaeltachta, Pleanáil Teanga Inis Meáin, Cniotáil Inis Meáin agus Údarás na Gaeltachta.

Ó Mhuir go Talamh: comhdháil idirnáisiúnta talmhaíochta i gCarna

Reáchtálfaidh Nua na Mara, ionad nuálaíochta muirí na hÉireann, comhdháil idirnáisiúnta san Acadamh i gCarna, Conamara, an 22 Deireadh Fómhair agus tabharfaidh siad cuid de na guthanna is mó ar domhan i réimse na mbithspreagthóirí agus na mbithlotnaidicídí muirbhunaithe le chéile.

Amharcfar mar chuid den imeacht lae seo ar an dóigh ar féidir le nuálaíocht faoi threoir na heolaíochta cuidiú le bithacmhainní muirí freastal ar an éileamh méadaitheach ar roghanna eile inbhuanaithe, seachas gnáthcheimiceáin talmhaíochta. Cuirfidh an chomhdháil béim ar an ról atá ag Éirinn mar mhol don taighde muirí agus don nuálaíocht gheilleagair ghoirm, go háirithe sna ceantair chósta agus Gaeltacht Chonamara.

Dúirt an Dr Majbritt Bolton-Warberg, Bainisteoir Chlár an Gheilleagair Ghoirm, Foras na Mara: “Aithníonn Foras na Mara a thábhachtaí atá an comhoibriú thar taighde, fiontraíocht agus beartas chun luach acmhainní muirí na hÉireann a bhaint amach go hinbhuanaithe. Tugann an siompóisiam seo deis thábhachtach an bonn eolais, na líonraí agus an cumas nuálaíochta atá mar bhonn le bithgheilleagar gorm na hÉireann a neartú.”

Treoir nua seolta ag Leabhair Pháistí Éireann leis an léitheoireacht a spreagadh

Agus scoilbhliain 2026 anois faoi lán seoil, tá Leabhair Pháistí Éireann ag iarraidh ar thuismitheoirí, ar chaomhnóirí agus ar mhúinteoirí an léitheoireacht a spreagadh ar scoil agus sa bhaile. Mar sin, tá treoir léitheoireachta nua ‘Na Leabhair Éireannacha is Fearr ó 2026’ seolta acu agus páistí ar ais sa seomra ranga an Meán Fómhair seo.

Gheofar léirmheasanna as Béarla agus as Gaeilge sa treoir úr seo, chomh maith le leabhair do gach aoisghrúpa suas le 18 mbliana d’aois. I measc na leabhar ar an liosta tá Dearg le Máire Zepf (Futa Fata), Hata Oisín le hÁine Ní Ghlinn (LeabhairCOMHAR), Heartstopper 3 le Alice Oseman, aistrithe ag Eoin McEvoy (Futa Fata) agus Luiscín: An Caitín is Craiceáilte ar Domhan le Jamie Smart, aistrithe ag Fearghas Mac Lochlainn (Cló Iar-Chonnacht).

Dúirt Elaina Ryan, Príomhfheidhmeannach Leabhair Pháistí Éireann: “Beidh páistí áirithe tar éis an samhradh a chaitheamh ag léamh, agus tá páistí eile agus d’fhéadfadh tús an téarma nua deis a thabhairt dóibh casadh ar an léitheoireacht uair amháin eile. Caithfear a bheith cúramach nach measctar an léitheoireacht mar spraoi agus an léitheoireacht mar obair scoile, agus go mbíonn deis ag páistí dul i mbun léitheoireachta mar spraoi amháin. Tá sé riachtanach go mbainfeadh páistí taitneamh as an léitheoireacht má tá siad le nós saoil a dhéanamh de agus na tairbhí a bhaineann leis seo a bheith acu.

“Tá cuma an-simplí air ach léiríonn taighde idirnáisiúnta ar bhuntáistí oideachasúla, sláinte agus folláine na léitheoireachta mar spraoi gur féidir leis bheith ina sárchumhacht do pháistí ar feadh a saoil, rud a dhéanann níos sona iad, níos féinmhuiníní ar scoil agus a mhéadaíonn an seans go n-éireoidh leo sa saol. Ag Leabhair Pháistí Éireann, is é ár misean a chinntiú go bhfuil deis ag gach leanbh an tsárchumhacht sin a scaoileadh saor.”