Cad iad na straitéisí a úsáideann tú chun tréimhsí lagtrá cruthaitheachta a shárú?

Bíonn orm éalú ón scáileán chun mo chuid smaointe a tharraingt le chéile arís. De ghnáth téim ag siúl leis an madra cois trá nó ag tiomáint áit éigin.

Cén t-éacht gairmiúil is mó a bhfuil tú bródúil as?

Tá mé thar a bheith bródúil gur éirigh linn an gearrscannán Ár gCluiche Féin a chur i gcrích agus is ábhar mórtais é dúinn gur taispeánadh é ag féilte scannáin thar lear agus anseo sa bhaile. Tá súil againn go mbeidh sé le feiceáil ag cúpla féile eile i mbliana sula mbíonn sé le feiceáil ar TG4 amach anseo.

Is scéal é mar gheall ar bheirt pheileadóirí Gaelacha atá ag coinneáil a gcaidrimh faoi rún ón domhan timpeall orthu. Thóg sé tamall maith de bhlianta é a thabhairt ón script go dtí an scáileán agus leanamar leis de bharr gur shíl muid go raibh gá lena leithéid de scéal a insint. Má chuireann sé daoine ag smaoineamh nó má airíonn daoine go bhfuil siad le feiceáil dá bharr, beidh ár ndóthain bainte amach againn.

Cad é an rud is deise a dúirt ealaíontóir eile leat riamh?

Bhí orm dul faoi agallamh blianta fada ó shin agus maoiniú á lorg agam don chéad ghearrscannán a bhí scríofa agam. Theastaigh uaim é a stiúradh ach ní raibh faic stiúrtha agam roimhe sin. Nuair a iarradh orm cé a bheadh mar stiúrthóir ar an scannán d’fhreagair mé le heaspa iomlán muiníne go mba bhreá liomsa é a dhéanamh. Bhí Lelia Doolan ar an bpainéal agallaimh agus is éard a dúirt sí ná: “And why wouldn’t you?” Chabhraigh sé sin chomh mór liom ar an lá sin, agus d’fhan sé liom ó shin.

Cad é an chomhairle is measa a fuair tú riamh?

Dúradh liom faoi dhó le 18 mí anuas, i gcás dhá thionscadal ar leith, gur cheart an iad a dhéanamh as Béarla seachas as Gaeilge.

Chuile Shatharn bhí droichead coise Fhionnradhairc caite againn ag dul sall is anall ó ranganna ceoil thraidisiúnta go traenáil camógaíochta, clogad agus camán i lámh amháin, bosca ceoil i lámh eile.

An raibh aon mhúinteoirí inspioráideacha agat?

Bhí an t-ádh liom go raibh múinteoirí iontacha agam i gcónaí ar scoil. Smaoiním fós ar Bhean de Búrca agus í ag léamh Caisleáin Óir linn. Múinteoir iontach ab ea í a spreag grá don litríocht ionam.

Conas a bhí do shaol cultúrtha mar pháiste?

Rinne mo thuismitheoirí tréaniarracht deiseanna cultúrtha a thabhairt dúinn. Chuile Shatharn bhí droichead coise Fhionnradhairc caite againn ag dul sall is anall ó ranganna ceoil thraidisiúnta go traenáil camógaíochta, clogad agus camán i lámh amháin, bosca ceoil i lámh eile. Agus bhí seal an-gairid agam féin i Scoil Billie Barry sular iarradh orm an áit a fhágáil.

Is léir nach raibh bua an cheoil agam ach bhí an teach lán le leabhair agus bhí mé i gcónaí ag léamh. Chaith muid chuile shamhradh agus saoire a bhí againn ón scoil sa Spidéal. Tá mé an-bhuíoch go raibh deis agam fás aníos i lár na cathrach agus i nGaeltacht Chonamara agus ceapaim go raibh an-tionchar aige sin orm.

Dá mbeadh sé ar do chumas taisteal siar tríd an am agus tú féin a thabhairt ar ais chuig ceolchoirm amháin ar ar fhreastail tú cheana, cén ceann a roghnófá, agus cén fáth?

Chonaic mé The Cranberries sa sean-Point in 2002. Bhí an t-ádh orm iad a fheiceáil beo cúpla uair ach ba bhreá liom filleadh ar an oíche sin nuair a bhí mé seacht mbliana déag d’aois chun Dolores a chloisteáil arís. Mar gheall gur Northsider ceart mé, ba bhreá liom freisin filleadh ar cheolchoirm de chuid Aslan, banna eile a chonaic mé go minic ar fud na cathrach.

An bhfuil saothar cruthaitheach amháin ar mhaith leat tabhairt faoi ach nach bhfuil tosaithe agat fós?

Tá an péire acu tosnaithe ach ba bhreá liom an dá scannán faisnéise sin ar moladh dúinn iad a dhéanamh i mBéarla a chur i gcrích i nGaeilge amach anseo! Ó thaobh rud éigin nach bhfuil déanta fós, tá script ag faoileáil thart i m’intinn do shraith nó scannán drámaíochta agus airím míshocair ionam féin nach bhfuil níos mó dul chun cinn déanta agam léi.

Cad iad do thuairim faoi fhorbairt na Gaeilge sna healaíona in Éirinn? Agus cén fáth, dar leat, a bhfuil sé ag tarlú?

Is rud speisialta é go bhfuil an-oiread sin Gaeilge le braistint sna healaíona anois. Tá sé tarlaithe, dar liom, de bharr na dianoibre atá déanta ag na glúinte a tháinig romhainn ar fud an oileáin chun ár dteanga a chaomhnú agus a thabhairt slán. Agus is obair é seo atá ar siúl fós. Tá níos mó deiseanna ar fáil anois d’ealaíontóirí i nGaeilge agus is maith an rud é sin. Ach tá súil agam go bhfuil fíorthacaíocht ann don Ghaeilge. Bíonn an-imní orm nach bhfuil meas ar an nGaeilge i ngach gné den saol mar theanga bheo agus go bhféachtar uirthi mar chéatadán atá le comhlíonadh. Creidim go láidir go bhfuil difríocht an-mhór ann idir cothromaíocht agus ionadaíocht.

Cad é do mhana?

Ba bhreá liom a bheith in ann a rá gur ‘pressure is for tyres’ an mana atá agam (comhairle a chuir comhghleacaí orm fadó i nGaoth Dobhair) ach bím faoi strus rómhinic. Is dócha gurb í an fhealsúnacht atá agam ná ‘bí go deas agus déan do dhícheall’.

Beidh Ár gCluiche Féin le feiceáil ar TG4 an fómhar seo.

Foclóir:

lagtrá = a slump/lull

mórtas = pride

caomhnú = preserving

faoileáil = circling, hovering, gliding

míshocair = uneasy, unsettled

cothromaíocht = balance, equity

ionadaíocht = representation