Tagairt don nath ‘rare as hen’s teeth’ is ea ainm an ionaid Hen’s Teeth sna Saoirsí, Baile Átha Cliath. Is feiliúnach an t-ainm é don tsraith taibhléirithe agus cainte 6 Tracks, a dhéanann ceiliúradh ar ghlórtha sainiúla uathúla: leithéidí Brigid Mae Power, Sorcha Richardson, Saoirse Miller, agus, ar an 24 Meán Fómhair, EFÉ, a roinnfidh cuid de na hamhráin ba mhó a chuaigh i bhfeidhm uirthi go dtí seo.

Is léiriú ar fhírinne shaol an ealaíontóra í EFÉ. De réir a chéile a thógtar na caisleáin. Tá bóthar fada curtha di aici cheana. Chonaic mise ar dtús í ag casadh le Paolo Nutini san Olympia in 2023.

Bhí an slua an-éagsúil ón ngnáthshlua, mar sin, le bheith ionraic, bhí an ceann sin deacair a dhéanamh,” ar sí ag cuimhneamh siar. Tá ciall leis seo. Tagann deiseanna áirithe aniar aduaidh sa lá atá inniu ann, go háirithe nuair is féidir spéis thobann teacht i do threo a bhuí le ‘viral moment’.

Is sampla den fheiniméan seo í. Thart ar an am céanna, chuir Zane Lowe a singil 2000Seven chun cinn – ardán nach beag agus nach mbíonn ag roinnt mhaith ceoltóirí go dtí i bhfad níos déanaí ina ngairmeacha. B’éasca a cheapadh go mbeadh sí ina rith ag an bpointe sin ach maratón atá sa ngairm seo.

Tá an oiread gnéithe éagsúla ag baint leis. Is earnáil an-daonna é, tá gá le foireann – le daoine – le go dtarlóidh aon rud. Ceann de na dúshláin is mó ná a chinntiú go dtagann gach rud le chéile ag an am ceart, leis na daoine cearta, an t-infreastruchtúr ceart.

“Rud atá ag éirí níos deacra do cheoltóirí ná gné na meán sóisialta, agus an leanúnachas a theastaíonn uaidh sin. Anuraidh, bhí deis agam físeán a chruthú don amhrán You Say That I’m Crazy. D’éirigh thar cionn leis, ach níor leor é, ní raibh ceol nua eile réidh ag an am céanna, mar sin cailleadh an móiminteam.”

D’eascair gairm EFÉ as ceol neamhspleách a chruthú. Scaití, cuirtear brú breise ar an ngairm a bhfuil tús nádúrtha curtha léi. Samhlaítear barántúlacht leis an meon DIY a theastaíonn chuige, ach bíonn coimhlint in amanna idir sin agus struchtúr agus srianta na lipéad ceoil – struchtúr a theastaíonn ó ghairm inbhuanaithe.

“Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le lipéid, cinnte,” arsa EFÉ. “Tá an t-ádh liom go dtugtar saoirse chruthaitheach dom. Tá a fhios agam nach mbíonn sé sin ag go leor daoine. Bíonn amlínte agus srianta ann, rud is féidir cur isteach ort, ach den chuid is mó, tugann sé spás agus buiséad do na smaointe móra seo atá agam.”

Tá an t-ádh liom go dtugtar saoirse chruthaitheach dom. Tá a fhios agam nach mbíonn sé sin ag go leor daoine.

Is breá liom a chloisteáil go mbronntar saoirse uirthi. Cuireann a hildánacht i réimse na físealaíne go mór lena luach mar ealaíontóir.

“100%. Ceann de na príomhchúiseanna a gcruthaím ceol ná gur mhaith liom físeáin cheoil a chruthú. Is breá liom ceol mar go dtugann sé deis dom rudaí éagsúla a dhéanamh – cineálacha éagsúla ealaíne a chruthú. Na físeáin, ar ndóigh, ach an stiúradh cruthaitheach ar na fótaisheisiúin agus rudaí eile freisin. Tá an cur i láthair an-tábhachtach dom, ligeann sé dom mé féin a chur in iúl agus mo chuid tionchar ar fad a léiriú.”

Is ar fhísghlaoch atáimid ag labhairt, ós rud é go bhfuil EFÉ ag taifeadadh i Londain faoi láthair. Lasann a gruaig gheal bhándearg an scáileán agus í ag caint. Tá an íomhá shainiúil ildathach atá aici faoi anáil chumha na 90idí, indie rac na 00idí agus cultúr na Seapáine, áit ar chaith sí seal meánscoile. D’imigh an ceol agus an faisean i bhfeidhm uirthi. Tagraíonn sí do Shibuya-kei, seánra na 90idí agus na luath-00idí: “meascann sé fuaimeanna nádúrtha ar nós giotáir nó pianó le fuaimeanna leictreonacha, rud atá cool dar liom!”

Ag 6 Tracks in Hen’s Teeth, beidh amhráin shuntasacha dá saol á roinnt ag EFÉ leis an slua. Fiafraím faoin gceol a mhúnlaigh a taithí: “níl a fhios agam fós an gcasfaidh mé an ceann seo, ach táim ag smaoineamh faoi amhrán le Broken Social Scene – Anthems for a Seventeen Year Old Girl. Ceapaim go bhfuil sé cool, agus is maith liom go bhfuil na giotáir agus dordghiotáir sách nádúrtha, ach ansin tá léiriúchán leictreonach ar an nguth – nach mór ar nós teileafóin. Táim ag breathnú ar go leor dá seónna beo ag iarraidh a oibriú amach ‘wow, conas mar a dhéanann sí é sin lena glór!?’ Ceapaim go dtugann sé léargas ormsa, is amhrán an-tábhachtach dom é.”

Fiafraím di conas atá ag éirí lena cuid oibre féin i Londain.

“Go maith. Ach ag glacadh níos mó ama ná mar a cheap mé! Cnuastéip atá ann ach… it’s giving albam! B’fhéidir gur chóir dom albam a thabhairt air toisc go bhfuil comhréir chomh láidir sin ann. Faoi láthair tá ‘togra’ á rá agam, mar uaireanta nuair is ‘togra’ atá ann fós, tá na féidearthachtaí agus deiseanna claochlaithe seo ann go fóill… agus tá siad á bhfiosrú agam fós!”

Beidh EFÉ ag casadh agus faoi agallamh in Hen’s Teeth ar an 24 Meán Fómhair. Ticéid: 6 Tracks with Efé — Hen’s Teeth

Foclóir:

ionraic = honest

bóthar fada = long road

slua = crowd

barántúlacht = authenticity

ildathach = multicoloured

dordghiotár = bass guitar