Rialaigh an Breitheamh McAlinden ag deireadh na míosa seo caite go bhfuil Feidhmeannas Chnoc an Anfa fós ag sárú ceanglas soiléir dlí chun straitéis Ghaeilge a chur i bhfeidhm ó thuaidh. Molann an Breitheamh go gcuirtear an obair ar an Straitéis i gcrích chun gur féidir “an dréacht deiridh a chur ar fáil láithreach bonn don Fheidhmeannas nua agus é ag feidhmiú i ndiaidh an toghcháin i mBealtaine 2027”.

Gealladh an Straitéis den chéad uair i gComhaontú Chill Rímhinn (2006) agus tháinig ann dó mar dhualgas reachtúil sa dlí in 2007, mar alt 28D d’Acht Thuaisceart Éireann (1998) (leasaithe). Mar thoradh ar an tríú hathbhreithniú breithiúnach atá tógtha ag Conradh na Gaeilge ar an ábhar, tá sé dearbhaithe ag an Bhreitheamh McAlinden san Ard-Chúirt “go bhfuil an dualgas reachtúil fós gan chomhlíonadh agus mar sin go bhfuil Coiste an Fheidhmeannais ag sárú ceanglas dleathach atá leagtha amach go soiléir in alt 28D d’Acht Thuaisceart Éireann 1998.”

Gealladh Straitéis Ghaeilge arís eile mar chuid den Chomhaontú ‘Ré Nua, Cur Chuige Nua’ i mí Eanáir 2020, le spriocdháta sé mhí lena cur i bhfeidhm. Mar sin féin, cuireadh bac ar 26 iarracht í a phlé ag an Fheidhmeannas idir Samhain 2020 agus Meitheamh 2021.

Bhunaigh an tAire Pobal sa tréimhse sin, Deirdre Hargey, Grúpa Saineolaithe in 2021 agus Grúpa Comh-dheartha ina dhiaidh sin. Chríochnaigh an Grúpa Comh-dheartha dréachtphlean gníomhaíochta i mí na Samhna 2023. Cé gur tháinig an Feidhmeannas agus an Tionól ar ais i mí Feabhra 2024, níl aon Straitéis tugtha chun tosaigh ag an Aire Pobal reatha, Gordon Lyons CTR, agus chuige sin, níl aon Straitéis ceadaithe ag an Fheidhmeannas.

Thug Conradh na Gaeilge dhá athbhreithniú bhreithiúnacha i gcoinne an Fheidhmeannais in 2017 agus 2022. Sa dá chás, chinn na Breithiúna gur theip ar an Fheidhmeannas a dhualgas dleathach a chomhlíonadh agus go raibh an teip sin mídhleathach.

In 2022, dúirt an Breitheamh Scoffield go raibh gá le gníomhú go práinneach agus nach raibh moill 12 mhí réasúnta. Sa chás is déanaí, áfach, bhí breis agus dhá bhliain go leith caite gan dul chun cinn. Go dtí seo, níl aon Straitéis curtha os comhair an Fheidhmeannais, agus ghlac an tAire leis nach nglacfar le Straitéis le linn an tsainordaithe reatha.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin: “Leagfaí amach sa Straitéis Ghaeilge seo plean an Fheidhmeannais chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt sa 20 bliain atá romhainn. Anois, tá trí rialú shuntasacha Ard-Chúirte againn a éilíonn go soiléir ar an Fheidhmeannas gníomhú ar an cheist seo go práinneach gan mhoill. Beagnach 20 bliain ar aghaidh, ba cheart go mbeimis ag ullmhú ár ndara Straitéis 20 Bliain, in áit a bheith ag troid le dréacht a fheiceáil don chéad cheann.

“Tá an-imní go deo orainn nach bhfuil agus nach mbeidh aon dréacht réidh ag an Roinn Pobal laistigh den mhandáid seo. Tá obair na gcapall déanta ag réimse d’eagraíochtaí teanga le beagnach cúig bliana anuas chun moltaí suntasach a dhéanamh don Straitéis seo, moltaí a dhéanfadh difear mór do thuismitheoirí, do theaghlaigh, do scoileanna, do phobail agus don stát féin mar gheall ar chur chun cinn na teanga.

“Tá Conradh na Gaeilge fós i mbun machnaimh ar na roghanna atá ar fáil dúinn agus an breithiúnas seo anois foilsithe agus, más gá, triailfidh muid gach bealach dleathach atá ar fáil dúinn lena chinntiú go gcomhlíonfar an dualgas reachtúil agus go nglacfar le Straitéis don Ghaeilge ó thuaidh sna míonna atá romhainn.”

Higher Options 2026: an t-aonach oideachais is mó in Éirinn

Tá ceann de na hócáidí is mó i bhféilire an Irish Times ag tarraingt orainn agus beidh Higher Options 2026 ar ais san RDS an 16-18 Meán Fómhair.

Mar chuid den aonach oideachais seo, tugtar deis do na mílte daltaí sa chúigiú agus sa séú bliain ó cheann ceann na tíre eolas sárluachmhar a fháil le cuidiú leo teacht ar an ghairm is fearr dóibh féin.

Áis thar a bheith fiúntach agus tairbheach is ea an Cheathrú Ghaeltachta ag Higher Options do dhaltaí a bhfuil suim acu a bheith ag obair leis an Ghaeilge amach anseo. Beidh seastáin ag cuid de na comhlachtaí agus na heagraíochtaí Gaeilge is mó sa tír – TG4, Conradh na Gaeilge, COGG, Lárionad na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe agus Foras na Gaeilge ina measc – agus beidh deis ar leith ag daltaí tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí Gaeilge ar an ollscoil, faoi chúrsaí oiliúna agus scéimeanna taithí oibre do dhaoine óga, agus faoin phróiseas iarratais CAO agus UCAS.

Téigh chuig higheroptions.irishtimes.com le teacht ar thuilleadh eolais faoi Higher Options na bliana seo.

Iarratais ar na Comórtais Taibhealaíon ag Oireachtas na Samhna 2026

Beidh scaifte mór Gael ag pilleadh ar Chill Airne ag deireadh na míosa seo chugainn agus na hullmhúcháin faoi lán seoil d’Oireachtas na Samhna 2026.

Tá coiste an Oireachtais ag glacadh anois le hiarratais ar na Comórtais Taibhealaíon go dtí Dé Céadaoin, 16 Meán Fómhair 2026. I measc na bpríomhchomórtas tá Corn Uí Riada, Sean-Nós na bhFear agus na mBan, Damhsa ar an Sean-Nós, Agallamh Beirte agus Lúibíní. Táthar ag glacadh le hiarratais ar chomórtais na ndaoine óga fosta agus is féidir teacht ar chlár iomlán na gcomórtas agus iontráil a dhéanamh ar líne ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.

Má theastaíonn cóip chrua den fhoirm iontrála uait nó má tá tú ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le [email protected] nó cuir scairt ar 091 572 545.