I gceann trí lá díreoidh ceannlínte ar fud an domhain ar eachtra uafásach mhíchlúiteach a tharla i Nua-Eabhrac ceathrú céid ó shin.
Túir. Titim. Tubaiste.
Is beag duine againn a bhí beo lena linn nach gcuimhníonn ar na híomhánna scéiniúla, na tuairiscí scáfara, na hoibrithe éigeandála cróga. Is cliché é faoin am seo ach ní dhéanfaidh mórán againn dearmad ar an áit a raibh muid nuair a tháinig scéala na tragóide chugainn.
Tá ionsaithe an 11 Meán Fómhair greanta anois sa chomhchuimhne chomhaimseartha agus ina ndlúthchuid de shícé mhuintir an Úill Mhóir go háirithe.
Ní hamháin gur siombail iad de ghealtghníomhartha an chine dhaonna ach d’fhág freagairt spioradúil mhuintir na cathrach gur léiriú iad ar sheasmhacht agus ar theacht aniar an duine chomh maith.
Cé go bhfuil amhras ann go fóill faoi mhionsonraí na n-ionsaithe, tá rud amháin cinnte faoin lá chinniúnach úd.
Is é sin gur baineadh leas as le sraith ionsaithe fuilteacha eile a fhearadh ar fud na cruinne, slabhra cogaí inseachanta inar maraíodh na milliúin agus a bhfuil a n-impleachtaí fós linn inniu.
Mar is iondúil i gcás na n-ollchumhachtaí, concas agus caipiteal ba chúis leis an tsuaitheadh dhomhanda a lean uafás Nua-Eabhrac. Is fáinne fí gan chiall gan cheartas a brúdh ar an phláinéad dá thoradh, fianaise bhreise – má bhí a leithéid ag teastáil uait – gur fada agus gur rófhada an bóthar atá le taisteal againn mar speiceas sula mbainfear amach aon cheann scríbe síthe ná síochána.
Ach le filleadh ar an bhall sprice, tá áit amháin ar domhan nach mbeidh 9/11 Mheiriceá ag barr na gceannlínte nuachta. Sin í an Chatalóin, óir is é an 11 Meán Fómhair Lá Náisiúnta na tíre.
Náisiún bródúil cois Meánmhara agus faoi scáth na bPiréiní é Catalunya, é scartha idir stáit na Spáinne agus na Fraince le fada, ach níorbh amhlaidh an scéal i gcónaí.
Ón 10ú haois i leith bhí a gcuid struchtúr polaitiúil féin á bhforbairt ag críocha na Catalóine agus, de réir a chéile, tháinig cúirteanna, tionóil agus institiúidí ionadaíocha ar leith chun cinn iontu. Neartaíodh úsáid oifigiúil na Catalóinise le linn na tréimhse sin agus fiú tar éis don tír teacht faoi scóip Mhonarcacht na Spáinne, choinnigh na Catalónaigh a gcórais shainiúla féin.
In 1659 áfach tugadh na tailte Catalónacha ar an taobh ó thuaidh de na Piréiní do rí na Fraince agus scoilteadh an náisiún idir dhá choróin. Ansin, beagán os cionn leathchéad bliain ní ba dhéanaí, tháinig an buille ba throime.
Fuair rí Hapsburgach na Spáinne bás gan oidhre. D’éirigh idir mórchlanna mórchúiseacha na hEorpa faoi cé a thiocfadh i gcomharbacht air, agus thit an Chatalóin idir dhá ríchathaoir. Is iad na Búrbónaigh, a raibh a múnla láraithe rialtais ag teacht salach ar thraidisiún féinrialaitheach na Catalóine, a fuair an chrúb in uachtar sa deireadh. Cé gur thréig a gcomhghuaillithe Eorpacha iad, roghnaigh na Catalónaigh dhiongbháilte leanúint den troid i gcoinne an rí nua agus ar son a gcuid bunreachtanna agus institiúidí féin. Comhrac in aisce a bhí ann, faraor.
Idir Fhrancaigh agus Spáinnigh a bhí i measc thrúpaí na mBúrbónach agus is léigear bliana de mhuir agus de thír a rinne an t-arm mór ar Barcelona sular thit an chathair ar an 11 Meán Fómhair 1714.
Tamall ina dhiaidh sin cuireadh deireadh le hinstitiúidí neamhspleácha seanbhunaithe na Catalóine agus rinneadh iarracht misneach na ndaoine a ghreadadh go grinneall.
Ach níor éirigh le ríthe ná le deachtóirí ná le príomh-airí Mhaidrid dá éis sin féiniúlacht ná fís na gCatalónach a bhascadh riamh. In ainneoin na n-ainneoin, chinntigh muintir na Catalóine go mairfeadh a dteanga beo i gcaitheamh na mblianta, go gcoinneofaí an bhladhm ar lasadh, agus go mbeadh féinriail acu an athuair.
Tá a gcuid institiúidí féin ag feidhmiú arís le beagnach 50 bliain anuas agus tá sciar suntasach den phobal ar mhian leo dul céim ní b’fhaide go fóill agus stát iomlán neamhspleách a bhunú. Cluinfear an t-éileamh sin á fhógairt go glórach ag na sluaite a chruinneoidh le chéile ar shráideanna na Barsalóine agus i mbailte eile ar fud na tíre Dé hAoine, tráth an Diada náisiúnta.
Is mór idir an dá 9/11 ar ndóigh, ó thaobh ré, teicneolaíochta, scála agus tionchair de. Tá dóchas ag baint le ceann acu anois agus dobrón i gcroílár na hócáide eile i gcónaí.
Ach tá rud amháin i gcoiteann acu: tragóid agus tubaiste ba chionsiocair leo beirt an chéad lá riamh. Ní rud neamhghnách é sin i gcás laethanta móra comórtha, mar is eol dúinne in Éirinn. An íobairt, an cliseadh, an fhulaingt chomhchoiteann, is cumhachtach na bunchlocha iad leis an chuimhne náisiúnta a mhúnlú agus le braistint chómhuintearais a chothú idir saoránaigh.
Agus tá cúis thairbheach leis an chuimhneachán fosta gan amhras. Is cóir smaoineamh orthu siúd a cailleadh, iarracht a dhéanamh an éagóir a chur ina ceart, an phian a phróiseáil, na cneácha a chneasú.
Ach is rómhinic a fhanann muid leis an anachain agus leis an ainghníomh teacht chugainn sula léiríonn muid an dlúthpháirtíocht, an comhar agus an cineáltas atá inár gcroí istigh. Is i ndiaidh an donais a chromtar ar an chur le chéile, is tar éis an ochláin a aithnítear ár gcomhdhaonnacht.
Agus an domhan ina bhfuil muid ag éirí níos corraithe i rith an ama, seans gurbh fhiú dúinn machnamh a dhéanamh ar na bealaí ar féidir linn na tréithe uaisle sin a mhúscailt ionainn féin roimh ré, seachas fanacht leis na túir titim agus leis na ballaí briseadh.
Foclóir:
oibrithe éigeandála cróga = brave emergency workers
tuairiscí scáfara = terrifying reports
ionsaithe fuilteacha = bloody attacks
fáinne fí = vicious circle
comhghuaillithe = allies
diongbháilte = resolute
cneácha a chneasú = [to] heal wounds
