Ní raibh oiread cainte is ba chóir mar gheall ar ár ngaolta gairide lastuaidh i nead phréacháin an domhain agus an reifreann a bhí acu ar na mallaibh. Ní hea amháin gur dhiúltaigh muintir na hÍoslainne clasú leis an Aontas Eorpach, ach dhiúltaíodar ar chainteanna a thosú fiú amháin. Déarfá gurb é seo an chéad choscán le tamall ar shéideadh, ar at, ar leathnú an Aontais chéanna, go háirithe nuair a chuimhnítear ar an díocas agus as an dúil ramhrú soir. Caithfear an Úcráin a thabhairt linn isteach, ach maidir leis an Tuirc (níos gaire dúinn), sea, n’fheadar, b’fhéidir.

Ba dhóigh leat gur ráiteas dána neamhspleáchais é seo ó phobal daoine a bhfuil meas acu orthu féin. Ba mhaith leat i ndoircheacht na hoíche a cheapadh go raibh baint bheag aige seo leis an mbraon láidir Gael-Éireannach atá go dearfa iontu, ach is dócha gur de bharr an phlé chuimsithigh a bhí acu ar feadh seachtainí roimh ré a déanadh an cinneadh.

B’fhéidir nárbh fhada óna n-intinn ach an oiread an socrú misniúil gusmhar a dheineadar nuair nár ghéill siad do na margaí agus do bharúin nua airgeadais na cruinne nuair a dhiúltaíodar na bainc a theasargan as an sloc inar chaitheadar pobail éagsúla i Mórbhanc Robála ár linne sa bhliain 2008.

B’fhéidir nach mian le daoine smaoineamh siar air, ach d’fhocail ghearra, theip ar bhainc ar fud na cruinne toisc gur thugadar airgead amach nach raibh acu, ach gurbh airgead púca é.

Bhíothas ag magadh faoin Íoslainn toisc gurbh ‘eacnamaíocht Icarus’ a bhí acu, mar a dúirt gleacaí smeartáilte amháin. Is iad a bhí saibhir rafar mar thír, ach thit siad ina bpleist de phlimp nuair a tháinig na bainc ag glaoch is ag éileamh. Dheineadar gníomh nár dhein meatacháin eile, áfach. Dhiúltaíodar ar tharrtháil a dhéanamh orthu!

Dúradh go neamhbhalbh go poiblí agus ar an teilifís nach raibh sé i gceist ag an rialtas teacht chun cabhrach ar na bainc a bhí ‘neamhairdeallach’. Na hinfheisteoirí sin a chuir airgead orthu mar a chuirfeá ar rás a 3.00 i Lios Tuathail, chailleadar, mar a chailleann lucht geall a chur go minic. Sa reifreann a lean – agus ní vóta rialtais incheannaithe a bhí ann – dúradh leis na bainc bailiú leo in ainm an diabhail agus Damer agus ar chailleadar a fhágáil sa bhall sin ina bhfágtar airgead a ghabhann amú.

Níor mhar sin é abhus anseo, nuair a shléachtamar go humhal do na margaí, agus nuair a tugadh airgead na tíre mar chúiteamh do na bainc. Dúirt urlabhraí amháin san Íoslainn ag an am gur mhalairt Robin Hood ba ea sin, ag goid ó na boicht lena thabhairt do na saibhir. Níor mhisneach go dtí é óna dtaobh siúd, agus cé déarfadh a mhalairt anois?

Tá a fhios againn go bhfuil bainisteoir Íoslannach ar an bhfoireann sacair agus tá an chuma air go bhfuil fios a ghnó aige le dream peileadóirí ar léir nach Spáinnigh iad. Agus tá roinnt eolais amuigh ansin ag daoine ar suim leo é gur de shliocht na hÉireann agus na hAlban formhór de bhaineannaigh na tíre fara go leor fireannach chomh maith. Is ródhócha gurbh í an Ghaeilge an chéad teanga riamh a labhraíodh sa dúiche lom sceirdiúil sin sular tháinig Lochlannaigh le mná na hÉireann ó aontaí na sclábhaithe abhus a thug a thuilleadh den teanga leo.

Bheifeá ag súil go bhféachfaimis siar ó thuaidh anois is arís go dtí an tír bheag sin in íochtar an domhain agus a bhfuil d’fhéinmhuinín acu astu féin seasamh in aghaidh éileamh cluanach na mboc mór. Anois go bhfuil an rás faoi lánseol arm na hEorpa a chruthú d’oirfeadh braon beag den mhisneach sin dúinn féin.