Craolfar clár speisialta ar an 18 Deireadh Fómhair ina leanfar aistear an bhuaiteora agus iad ag ullmhú don chomórtas mhór

Tá an cuardach ar bun chun chéad réalta eile na hÉireann a aimsiú!

Leanfaidh TG4 glúin nua d’amhránaithe óga ó cheann ceann na tíre i mbliana agus iad ag tabhairt faoin dúshlán ar mhaithe le deis iontach a bhaint amach – ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ag an Junior Eurovision i Málta i mí Dheireadh Fómhair.

Casfar le hamhránaithe óga atá lán le tallann, pearsantacht agus uaillmhian sna héisteachtaí agus iad go léir ar a ndícheall ag iarraidh aird na moltóirí a tharraingt orthu féin agus dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile den chomórtas.

Leis an oiread sin tallainne agus éagsúlachta i measc iomaitheoirí na bliana seo, ní bheidh deireadh leis na hiontais ar an aistear seo chun ionadaí nua na hÉireann a aimsiú.

Is í Louise Cantillon a bheidh ina láithreoir arís ar an tsraith agus beidh John Sharpson ina teannta mar láithreoir den chéad uair ar chúl stáitse. Cuirfidh John aithne níos fearr ar theaghlaigh agus ar lucht tacaíochta na n-iomaitheoirí, agus tabharfaidh sé léargas ar an mhéid a bhíonn ag tarlú taobh thiar den stáitse.

Beidh Niamh Ní Chróinín agus Hugh Carr ar ais ar an phainéal moltóireachta – beidh aíonna speisialta in éineacht leo freisin, ina measc buaiteoirí an chomórtais Eoraifíse Niamh Kavanagh agus Linda Martin, an réalta Eoraifíse Mickey Joe Harte agus Zena Donnelly, a rinne ionadaíocht d’Éirinn ag an Junior Eurovision i Málta deich mbliana ó shin.

Leanfar na hiomaitheoirí le linn na sraithe agus iad ag tabhairt faoi dhúshláin éagsúla, ag cur lena gcuid scileanna agus ag dul san iomaíocht. Méadóidh an brú agus laghdóidh na háiteanna atá ar fáil de réir mar a bheidh an comórtas ag dul ar aghaidh.

Cuirfidh gach cor agus casadh nua i gcomórtas na bliana seo iontas ar an lucht féachana, rud a fhágfaidh iad ag tomhas go dtí an deireadh.

Fógrófar an buaiteoir Dé Domhnaigh, 11 Deireadh Fómhair agus craolfar clár speisialta Dé Domhnaigh, 18 Deireadh Fómhair ina leanfar aistear an bhuaiteora agus iad ag ullmhú don chomórtas mhór.