Is lá speisialta é an cúigiú lá de Mheán Fómhair, dar le Dáithí

Bheartaíos ar mhí an Mheithimh a thógaint saor i mbliana, rud ná raibh déanta cheana agam – bhíos chun briseadh breá fada a thógaint.

De ghnáth tugaim aghaidh ar an Rinn agus an stiúideo atá ann chun an clár Seal le Dáithí a thaifeadadh. Idir mise agus tusa is sórt saoire atá ann dom mar is breá liom an ceantar sin agus aithne mhaith agam ar ana-chuid daoine ann agus craic mhaith timpeall ar bhaile Dhún Garbhán chomh maith sa tsamhradh.

Mar sin is anseo atáim le seachtain anuas. Bhuel smaoineamh iontach a bhí ann an mhí sin a thógaint saor go dtí go dtosnaigh an bháisteach, an bháisteach nár stad go dtí tús mhí Iúil.

An Meitheamh ab fhaide a bhí riamh ann, dar liom. Dá mbeadh a fhios agam go mbeadh an aimsir go holc bheadh seal caite agam i bPort Láirge an mhí sin seachas a bheith sa bhaile ag féachaint amach an fhuinneog agus ribíní gruaige á tharrac amach agam as mo cheann fhéin!

Ar chúis éigin bhí an cúigiú lá den mhí seo ag teacht mo threo agus eachtraí áirithe ag tarlú agus toisc go rabhas ag obair ní rabhas in ann dul. Tá cairde maithe agam i Londain agus bíonn teacht le chéile acu uair sa bhliain, teacht le chéile le dealraimh agus gach aon rud leagtha amach agus gan aon rud á spáráil. Sea, ceann dos na hócáidí sin go mbíonn daoine ag caint orthu go dtí’n Nollaig. Ach bhíos ag obair, bhí na dátaí istigh sa leabhar agus chaitheas diúltú dó.

Leis seo tháinig cárta eile chugam, iníon le cara maith liom ag pósadh i gContae an Chláir ar an gcúigiú lá de Mheán Fómhair, aríst daoine iontacha ag teacht le chéile agus toisc go rabhas ag obair cuid mhaith don samhradh ní fhaca an gheaing seo le tamall agus deis iontach a bheadh ann lá a chaitheamh leo, ach bhíos ag obair.

Bhí lá mór acu ar an Domhnach chomh maith, lá uimhir a dó, ach bhíos fós ag obair. Bhuel ag an bpointe sin agus pictiúirí ag teacht chugam gach leathuair an chloig de dhaoine ag canadh agus ag rince bhíos braon den obair chéanna!

Ní raibh dátaí an chláir ach díreach aontaithe againn nuair a tháinig an scéal amach go raibh Katie Taylor ag troid i bPáirc an Chrócaigh ar an gcúigiú lá. A Mhuire Mháthair, aon deireadh seachtaine eile!

Bhí seo ar cheann dos na hócáidí ar theastaigh uaim dul ann leis an bhfear beag agus bhí sé sórt geallta agam dó agus bhí orm dul agus a rá leis go rabhas ag obair, aon leithscéal eile do dhuine óg ach an ceann sin.

Bhí díomá an domhain ar an bhfear bocht agus mise ba chúis leis.

Leis na rudaí seo ar fad ag díriú isteach ar an lá speisialta seo chuas ar an nGoogle chun fáil amach an raibh aon rud eile á chailliúint agam ar an lá seo. Bhuel mar a tharlaíonn sé is lá ana-speisialta é an cúigiú Meán Fómhair.

An raibh a fhios agat gurb é seo lá náisiúnta phíotsa na cáise agus lá idirnáisiúnta an bhágúin? Agus ní stadann sé ansin, lá domhanda na féasóige atá ann chomh maith!

Ach an chúis gur sheas an lá amach dom an chéad lá ná seo lá breithe carad liom agus níor chuimhníos air go dtí maidin Dé Domhnaigh. Bhí na cloigíní seo ar fad ag bualadh timpeall orm an tseachtain ar fad agus níor thógas ceann dó!