TáAontas roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir ‘An Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’
Tá an scannán Aontas roghnaithe mar iontráil na hÉireann do na Oscars sa chatagóir ‘An Príomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr’.
Is a seo an cúigiú scannán de chuid TG4 atá roghnaithe le roinnt blianta anuas – is iad Arracht, Foscadh, An Cailín Ciúin agus Kneecap na scannáin eile.
Sa scannán Aontas, féachann triúr gadaithe le comhar creidmheasa a robáil, ach cailleann na mná an cloigeann ina bun. Cuirtear tús leis an scannán Aontas agus an robáil imithe ó smacht ar na gadaithe, agus insítear an scéal droim ar ais, caibidil ar chaibidil, go bhfeictear na heachtraí a tharla roimh ré.
Iompaíonn gadaíocht nár éirigh léi isteach ina léiriú ar bhean cheanndána nach bhfuil in ann an méid a tharla san am atá caite a chur as a cloigeann. Léirítear an tionchar a bhíonn ag ár gcuid roghanna agus ag ár gcuid cuimhní féin orainn nuair nach féidir linn dearmad a dhéanamh orthu agus bogadh ar aghaidh sa tsaol.
Dúirt an stiúrthóir Damian McCann: “D’eascair Aontas as comhrá a bhí agam le mo mháthair inar chuir sí síos go mion ar an dóigh a ndéanfadh sise banc a robáil (robálaí bainc neamhghnách a bheadh inti).
“Ón chomhrá sin, tháinig scannán chun cinn a chuaigh i bhfeidhm ar lucht féachana timpeall an domhain.”
Dúirt Deirdre Ní Choistín, Ard-Stiúrthóir TG4, go raibh sí ríméadach faoin chinneadh.
“Is mór ag TG4 go bhfuil Aontas roghnaithe ag IFTA chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn ar an stáitse idirnáisiúnta, agus tugann sé ugach chumhachtach don chruthaitheacht agus do scéalta nua Gaeilge.
“Tá cúig scannán de chuid TG4 roghnaithe ag IFTA mar rogha na hÉireann sa chatagóir don Phríomhscannán Idirnáisiúnta is Fearr le blianta beaga anuas. Rinne An Cailín Ciúin gaisce stairiúil ag na Academy Awards in 2023, léiriú eile ar an gcaoi ar féidir le scéalta nua-cheaptha i nGaeilge dul i bhfeidhm go mór ar lucht féachana ar fud an domhain mhóir.
“Tagann Aontas sna sála ar an ngaisce sin agus is léiriú eile é ar an tallann chruthaitheachta d’ardchaighdeán atá ag obair inár n-earnáil léiriúcháin neamhspleách.”
Stiúir Damian McCann an scannán, le Carrie Crowley, Bríd Brennan agus Eva-Jane Gaffney sna príomhróil. Léiríodh Aontas le TG4, BBC Gaeilge agus Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann le tacaíocht ó Yellowmoon. Is iad Órfhlaith Ní Chearnaigh agus Christopher Myers a léirigh an scannán agus is iad Sarah Gordon agus Damian McCann a scríobh é. Is é seo an chéad fhadscannán ón chomhlacht nua dhátheangach, Púca Pictures.
Dúirt Deirdre Ní Choistín: “Tá muid thar a bheith bródúil as an gcaidreamh atá againn le Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann agus le BBC Gaeilge leis an scéim Gealán. Comhghairdeachas ó chroí le Damian, Sarah, Christopher agus Órfhlaith agus le gach duine eile a bhfuil aon bhaint acu le Aontas.”
Agus dúirt Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4: “Chruthaigh Damian McCann, Sarah Gordon, Órfhlaith Ní Chearnaigh, Christopher Myers agus an cliar iontach aisteoirí agus an criú ar fad a bhí ag obair air scannán thar a bheith suimiúil, scannán atá fréamhaithe i dTuaisceart Éireann ach atá tar éis dul i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain mhóir.
“Tá TG4 thar a bheith bródúil as an tacaíocht atá tugtha againn do Aontas, agus is mian linn gach rath a ghuibhe ar an bhfoireann ar fad agus iad ar an gcéad chéim eile den aistear idirnáisiúnta seo leis an scannán.”
Taispeánadh Aontas ag níos mó ná 40 féile go hidirnáisiúnta agus in Éirinn go dtí seo, agus tá níos mó ná 13 dhuais, an Scannán is Fearr, an Stiúrthóir is Fearr agus an Script is Fearr ina measc, buaite aige.
Chomh maith leis sin, ainmníodh Aontas le haghaidh sé IFTA.

