Tháinig an scéal chun solais tráthnóna Dé Luain go mbeidh laoch na hAirgintíne Lionel Messi ag éirí as an pheil idirnáisiúnta.
Ní haon ionadh é ag aois 39 bliain d’aois agus bhí sé mar chaptaen ar a thír nuair a chuaigh siad chomh fada leis an bhabhta ceannais i gCraobh an Domhain i mbliana ach chaill siad 1-0 in aghaidh na Spáinne.
Chuir sé geansaí na hAirgintíne air den chéad uair ag ocht mbliana déag d’aois agus d’imir sé 207 uair dá thír ag aimsiú 125 cúl lena linn ach gan dabht seasann an íomhá dó ag ardú an choirn i gCraobh an Domhain a bhuaigh siad le ciceanna éirice in 2022 amach go mór inár n-intinn.
Ní raibh aon duine chun bata is bóthar a thabhairt do Messi ach le himreoirí úra ag teastáil don chéad chomórtas eile, bhí a fhios ag Messi go raibh a am ag teacht chun deiridh agus d’fhág sé ar a théarmaí féin. Feicfidh muid é fós ag imirt lena chlub Inter Miami CF i Meiriceá.
Beidh le feiceáil an bhfoghlaimíonn Novak Djokovic aon cheacht ó Messi. Tá sé an aois chéanna agus atá Messi agus níor éirigh leis dul níos faide ná an chéad bhabhta de Chomórtas Oscailte na Stát Aontaithe ag an deireadh seachtaine.
D’fhág sé an chúirt agus na deora leis. B’in an chéad uair le fiche bliain gur chaill sé sa chéad bhabhta ag Comórtas Oscailte. Chaith sé amach i mbosca bruscair agus tinneas ag cur isteach air le tamall.
Bhí an teas ag cur isteach air fosta ach léiríodh nach stopann am d’aon duine. Tá clú agus cáil ar Djokovic mar iomaitheoir dian agus le 24 Comórtas Oscailte buaite aige, tá sé ar dhuine de na himreoirí leadóige is fearr atá feicthe againn riamh.
Ach beidh le feiceáil cé chomh fada eile is féidir leis fanacht ar an bhóthar seo? Neosfaidh an aimsir ach tá na laethanta ag éirí níos giorra dó.
Luaigh iar-phríomhfheidhmeannach Marvel Peter Cuneo ina leabhar Superhero Leadership agus ar a shuíomh idirlín an 28 rud atá ag teastáil chun a bheith i do cheannaire is fearr.
Is é uimhir 28 ar a liosta ná fios a bheith agat nuair atá an t-am ceart le himeacht. Tá sé sin níos fusa a rá ná a aithint in amantaí ach tá sé níos fearr imeacht sula bhfaighidh daoine réidh leat.
Ó thaobh an spóirt de tá sé soiléir nuair atá rudaí ag teacht chun deiridh agus faoi dheireadh fágadh amach ón fhoireann thú. Is féidir le spórt a bheith míthrócaireach.
Ní fhaigheann gach imreoir an deis sin agus ní bheidh Charlie Smyth, an t-imreoir as an Dún a chuaigh chun imirt le New Orleans Saints agus a shínigh conradh trí bliana leis an chlub i mí na Nollag, leo an séasúr seo. De réir cosúlachta, chaill sé cic sna cluichí réitigh roimh thús an tséasúir agus le himreoir eile ciceála tagtha isteach ar nós Daniel Carlson a bhfuil taithí na mblianta aige, mothaíodh go raibh bagairt ann do thodhchaí Smyth.
Tá sé ar an phainéal cleachtaidh ach is mór an buille é dó. Anuraidh bhí sé ar an fhoireann bhuacach a fuair ceithre bhua as sé cinn agus d’aimsigh sé an cic cinniúnach i gcoinne Carolina Panthers ag 47 slat. Beidh le feiceáil an mbeidh sé le foireann eile an séasúr seo chugainn.
Is fíor an scéal é. Níl mórán idir moladh agus cic sa tóin. Nach bhfuil a fhios againn uilig sin?

