Fuair Dáithí croí nua tar éis breis agus ocht mbliana a chaitheamh ar an liosta feithimh le haghaidh trasphlandú croí

“Bhí deora sna súile ag cuid mhór daoine ar an tsráid,” a dúirt Máirtín Mac Gabhann, agus a mhac Dáithí tagtha abhaile go Béal Feirste tar éis dó croí nua a fháil.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Máirtín go raibh filleadh Dháithí ina chéim mhór eile do Dhaithí tar éis an trasphlandaithe croí a fuair sé an mhí seo caite.

“Ciallaíonn seo go bhfuil an croí nua istigh, go bhfuil sé sláintiúil go leor le bheith sa bhaile. Chan amháin i Sasana, ach i mBaile Uí Mhurchú in iarthar Bhéal Feirste,” a dúirt sé.

Beidh Dáithí sa bhaile ar feadh sé seachtaine eile, i mbun féinaonrú, agus é ag leanúint lena théarnamh agus lena thástálacha.

“Agus ansin beidh sé saor. Beidh sé saor!” a dúirt Máirtín, agus an teaghlach – tá triúr deartháireacha níos óige ag Dáithí – ag caitheadh cúpla lá de shaoire le chéile cois farraige i mBaile an Chaistil Glinntí i gContae Aontroma.

Tháinig an buachaill naoi mbliana d’aois go Béal Feirste an tseachtain seo caite tar éis roinnt seachtainí a chaitheamh ag téarnamh in Ospidéal Freeman in Newcastle upon Tyne i Sasana.

Bhí fáilte mhór roimhe nuair a shroich sé an baile ar eitleán príobháideach, agus bhí baill de Sheirbhís Dóiteáin agus Tarrthála Thuaisceart Éireann i láthair chun fáilte a chur roimhe. Bhí oibrithe sláinte a thug aire do Dháithí leis na blianta i láthair chun fáilte a chur roimhe chomh maith, cé nach raibh siad ag obair an lá sin.

“Na daoine a bhí ansin, b’in na banaltraí agus na dochtúirí a ghlac Dáithí thall agus ar ais leis na blianta,” a dúirt Máirtín.

“Ní raibh siad ag obair ar an lá sin ach tháinig siad uilig amach, na hinnill dóiteáin san áireamh. Bhí achan rud faoi chomh speisialta.”

Dúirt sé go raibh deora ina shúile féin nuair a tháinig Dáithí abhaile.

“Seo lá a raibh muid ag dúil leis le blianta fada.”

Thug Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, aitheasc speisialta do Dháithí agus dá theaghlach tar éis an scéil faoin trasphlandú.

Dúirt an tUachtarán gur chuir an nuacht go raibh croí nua faighte ag Dáithí “áthas an domhain” uirthi, agus mheabhraigh sí gur bhuail sí le Dáithí agus lena theaghlach i nGaillimh i mí na Bealtaine seo caite.

“Is cuimhin liom casadh leat i nGairdín Cuimhneacháin Chiorcal na Beatha i nGaillimh i mí na Bealtaine,” a scríobh sí. “Chuaigh tú féin agus do theaghlach go mór i bhfeidhm orm ar an lá sin. Labhair do Dhaidí fút agus faoi chomh fada agus a bhí tú ar an liosta feithimh do thrasphlandú croí.

“Labhair sé freisin ar chomh tábhachtach agus atá sé go mbeadh daoine sásta a bheith ina ndeontóirí.”

Chuir sí a smaointe in iúl freisin do theaghlach an deontóra, ag aithint “bronntanas na sláinte agus an dóchais” a thug siad do Dháithí in ainneoin a mbróin féin.

Ghuigh an tUachtarán “fuinneamh agus láidreacht” ar Dháithí agus go dtabhairfidh sé faoin gcuid eile dá shaol go sláintiúil, go spraíúil agus gan srian.

Fuair Dáithí croí nua tar éis breis agus ocht mbliana a chaitheamh ar an liosta feithimh le haghaidh trasphlandú croí.

Rugadh é in 2016 leis an ngalar croí neamhchoitianta siondróm hipeapláiseach croí clé, rud a chiallaíonn nár fhorbair taobh clé a chroí mar ba cheart.

Dúirt Máirtín go bhfuil an difríocht le feiceáil go soiléir ar Dháithí ó fuair sé an croí nua.

“Tá sé i ndiaidh ceithre chileagram a chur air sna seachtainí sin. Leis sin a chur i gcomparáid, bhí Dáithí ag streachailt le cileagram amháin sa bhliain a chur air roimhe seo,” a dúirt sé.

“Tá cuma chomh sláintiúil air. Tá na beola bándearg, tá teas sna lámha agus sna cosa agus tá na bricíní gréine galánta sin ar a aghaidh.”

Cé go bhfuil sé sa bhaile anois, tá tréimhse téarnaimh eile le teacht. Caithfidh Dáithí fanacht lena theaghlach amháin ar feadh sé seachtaine eile agus é ag téarnamh agus féinaonrú a dhéanamh.

Ach tá a athair dóchasach faoina bhfuil i ndán dó.

“Tá mé ag dúil go mór leis an lá go mbeidh sé saor. Ní bheidh sé i bhfad go dtí go mbeidh muid ar ais i dTír Chonaill arís mar is breá linn an áit.”

Bhí an filleadh abhaile tábhachtach do Dháithí féin freisin, agus bhí deis aige a mhuintir agus a chairde a fheiceáil arís.

Bhí sé ag imirt peile arís nuair a tháinig sé ar ais, agus bhí sé thar a bheith sásta a dheartháireacha a fheiceáil den chéad uair ó d’fhág sé Béal Feirste le linn an tsamhraidh.

Dar le Máirtín, tá fuinneamh nua ag a mhac anois.

“Tá níos mó fuinnimh aige anois agus níl aon leithscéal aige le rá go bhfuil tuirse air níos mó! Tá an fuinneamh aige anois!”

Bhí feachtas Donate4Dáithí an teaghlaigh lárnach san fheachtas ar son athrú a dhéanamh ar an gcóras deonaithe orgán i dTuaisceart na Éireann.

Mar thoradh ar an bhfeachtas, tugadh isteach Dlí Dáithí in 2023, rud a chuir córas ‘bogrogha’ i bhfeidhm maidir le deonú orgán.

Faoin gcóras sin, meastar formhór na ndaoine fásta a bheith ina ndeontóirí orgán féideartha mura roghnaíonn siad gan a bheith ina ndeontóirí.

Tá téarnamh fada fós os comhair Dháithí óig, ach tá an teaghlach ar ais sa bhaile anois leis an gcroí nua a raibh siad ag fanacht leis ar feadh ocht mbliana.