Tá dlúthchara úr ag Aedín Ní Thiarnaigh a bhuíochas le carthanacht i nGaillimh – agus tá a croí istigh i gCuileann beag

Is ait ar bhealach, agus cuntas seachtainiúil á bhreacadh agam anseo ar mo shaol, gur éirigh liom caidreamh fíorthábhachtach a choinneáil faoi rún le míonna fada anuas.

“Eh, tá a fhios againn ar fad go bhfuil fear agat, a Aedín,” a déarfaidh na léitheoirí dílse b’fhéidir, “minic gur luaigh tú é agus na heachtraí a mbíonn sibh ag gabháil dóibh!”

Ach ní hé m’fhear atá i gceist agam, agus cé gur caidreamh iontach tábhachtach an caidreamh rúnda seo nár luaigh mé sa cholún go fóill, ní caidreamh rómánsúil é – fiú agus má chaitheann muid go leor leor ama neadaithe sa leaba le chéile.

Is cara atá i gceist, agus cé nár chuir mé céadaithne ar an gcara speisialta seo ach i mbliana, d’fhéadfá a rá go bhfuil muid chomh mór le chéile leis an tseanbhó agus an coca féir.

Is í an cara seo is túisce a mbím ag súil lena beannú an chéad rud ar maidin, agus is í is déanaí a bhfágaim slán aici tráthnóna, ó go mbaineann muid an oiread sin taitnimh as comhluadar a chéile.

Tá sí cairdiúil, tá sí lách, agus cé nach mbíonn mórán cainte uaithi, is breá binn ar an gcrónán a dhéanann sí agus í ar a sáimhín só. Ainm mo charad ná Cuileann, agus is iontach uilig an caitín í!

Ba iad muintir na carthanachta áitiúla, Galway Cat Rescue, a chuir mise agus Cuileann in aithne dá chéile i ndiaidh dom litir a scríobh chucu ag léiriú spéise i gcat a uchtú, cúpla mí tar éis gur cailleadh peata cait liom anuraidh (RIP Súiche, an caitín dána is deise!).

Is iontach go deo an obair a dhéanann an charthanacht, a bunaíodh in 2010. Tugann siad aire do chaitíní tréigthe, déanann siad coilleadh ar chait fhiáine agus aimsíonn siad úinéirí nua do chait a bhfuil áit chónaithe ag teastáil uathu.

Ó tháinig an charthanacht ar an bhfód, tá coilleadh déanta acu ar bhreis agus 4,600 cat sa chontae, agus tá úinéirí aimsithe acu do bhreis agus 2,050 cat – mo Chuileann beag aoibhinn san áireamh.

Tá an-mheas go deo agam ar chur chuige na carthanachta, agus béim acu i gcónaí ar fholláine na bpeataí. Bíonn foirm iarratais cuíosach mór le comhlíonadh chun cat a uchtú, agus ceisteanna go leor ann a chinntíonn go bhfuil sé de chumas agus d’acmhainn ag an uchtaitheoir aire cheart a thabhairt do chat, amhail:

“Cén fáth a bhfuil cat uait? An raibh peata cait agat roimhe seo? An roinneann tú teach le daoine eile? An bhfuil siadsan sásta cat a bheith sa teach? An bhfuil ainmnithe eile sa teach? Cé a thabharfaidh aire don chat má bheidh ort imeacht as baile? Dá mbeadh ort bille tréidlia a íoc, an mbeadh dóthain airgid agat chun déileáil leis sin?”

I ndiaidh na sonraí praiticiúla sin a fháil, tugann Galway Cat Rescue faoin chuid is speisialta ar fad den phróiseas b’fhéidir, agus iad mar a bheadh fear cleamhnais ann, ag iarraidh an cat agus an duine díreach ceart a aimsiú dá chéile.

Chuige sin, cuireann siad ceisteanna níos pearsanta ar na huchtaitheoirí. Is cosúil iad seo leis an méid a shamhlófá ar Sheó Cleamhnais teilifíse, ach seachas “Cé na tréithe a bheadh i do pháirtí ‘foirfe’”, is é an peata ‘foirfe’ atá á shamhlú.

Nocht mise mo chroí sa bhosca úd, agus mé fós ag téarnamh ón gcroíbhriseadh agus ón gheit tar éis gur cailleadh Súiche le hailse míonna roimhe. Ní cuimhin liom cad go díreach a scríobh mé, ach rud an-chosúil le:

“Níl uaim ach cara beag aoibhinn gur féidir liom grá a thabhairt dóibh agus go dtabharfaidh siadsan grá dom.

“B’fhada liom go gcodlóidís im ucht fad agus mé ag obair ón bhaile agus go mbeidh saol sona fada againn le chéile.”

Beagán iomarcach, b’fhéidir, ach b’in é a bhí uaim i ndáiríre, agus níor dhuine mé don “playing it cool” ar aon chaoi. Mar a tharla sé, ba mhaith an rud é gur scríobh mé ó mo chroí amach – mar ar nós go raibh Sióg Mhaith ag obair ar mo shon, tháinig téacs chugam ó Galway Cat Rescue mí níos déanaí agus eolas ann faoi chaitín beag grámhar a raibh úinéir de dhíth uirthi.

Chuaigh mé chun bualadh le Cuileann mí sula bhféadfainn í a thabhairt abhaile, go bhfeicfimis conas mar a réiteoimis le chéile. Má bhí sí beagán cúthail ar dtús, níorbh fhada go raibh an bundle beag bídeach ag srannadh im ucht agus go raibh mo chroí ag bogadh ionam.

Míonna fada níos déanaí, ní beag ná bídeach í a thuilleadh, ach is minic í ag codladh im ucht agus mo chroí ag bogadh mar gheall uirthi fós.

Fíoraíodh dhá chuid de thrí mhianta mo chroí cheana féin mar sin. Bímis ag súil go bhfíorófar an tríú mian leis, agus go bhfuil saol fada sona amach romhamsa agus roimh Chuileann le chéile!