Maidin gheal fómhair i bPortobello, casaim leis an amhránaí Sorcha Richardson os comhair Lennox Street Grocer, áit a mbeidh gig á casadh aici lena tríú halbam Draw the Outline a sheoladh an tseachtain seo.

Tá bealach chomh compordach cairdiúil sin aici gur geall le catch-up an comhrá, caife inár nglac agus ag faire ar an saol mór ag dul tharainn.

“Ó cute!” ar sí agus madra gleoite ag siúl go mustrach thar bráid, “great walk!”

Tá sceideal gnóthach preasa aici agus camchuairt gigeanna sna laethanta romhainn, ach ní haon stró di é.

“Tarlaíonn sé gach uair, éiríonn an saol an-ghnóthach díreach nuair atá an t-albam le cur amach! Tarlaíonn gach rud ag an am céanna.”

Caithfidh sé gurb aisteach togra ar caitheadh blianta á thabhairt chun faobhair a eisiúint agus a chur chun cinn laistigh de choicís nó mar sin. Tá dhá bhliain caite ar Draw the Outline: “tháinig mé abhaile ó chamchuairt agus chuaigh mé go dtí an Daingean. An chéad lá Eanáir. Bliain nua. Thosaigh mé ag scríobh.”

Ba i nDaingean Uí Chúis, i séipéal Other Voices mí na Nollag seo caite, a chas sí cuid de na hamhráin den chéad uair os comhair slua. Tá draíocht ar leith ag gabháil leis an ionad sin in aigne na gceolchraosóirí, agus ba speisialta na hamhráin a chloisteáil sa dúthaigh inar scríobhadh iad. B’ionann a láithreacht ar ardán an oíche sin agus a stíl amhránaíochta: séimh, stuama, binn.

Agus muid ag labhairt, titeann mo mhála dár mbinse agus síos le m’eochracha sa draein fúinn. Ní chuireann mo chuid útamála as di ar chor ar bith, í thar a bheith cool faoin eachtra ar fad. Agus sin an fhéith atá aici: ceol, glór, agus cur i láthair bog caolchúiseach. Tá muinín chiúin go smior inti. D’fhéadfá a rá go bhfuil sí daingean inti féin.

“Nuair a bhí cónaí orm i Nua-Eabhrac, bhris m’eochair sa doras, istigh sa ghlas,” ar sí, go cineálta. “Mo chéad lá ann! Bhí mé á rá liom féin, ’an é seo an saol?! Being an adult?’”

I ndiaidh tréimhsí i Nua Eabhrac – “bhí mé ocht déag, níor thuig mé gur aistriú mór a bhí ann ag an am!” – agus Ráth Maoinis, bhí sí réidh moilliú.

Tarlaíonn sé gach uair, éiríonn an saol an-ghnóthach díreach nuair atá an t-albam le cur amach! Tarlaíonn gach rud ag an am céanna.

“Ní raibh spás againn [i mBÁC] – fiú mo ghiotár, bhí sé faoin leaba i mo sheomra…” Tá lorg doshéanta ag an ngéarchéim thithíochta le brath anseo, agus is meabhrúchán é go bhfuil cruthaitheacht glúine á plúchadh, á ciúnú, i dtaisce faoi leapacha ar fud na cathrach is dócha. Is maith go raibh deis éalaithe aici agus naisc teaghlaigh ag a páirtí le Ciarraí.

“Bhí muid ag dul go dtí n Daingean gach sé seachtaine nó mar sin, agus ag filleadh gach uair bhí muid ag rá ‘cén fáth a bhfuil muid ag fágáil?!’”

Tá bua ag Sorcha mionsonraí fileata a úsáid lena hamhráin a fhréamhú in áit, ag ligean d’éisteoirí suí isteach i lár suímh agus scéil. Gluaiseacht débhealaigh é seo, agus tionchar a timpeallachta nua le cloisteáil ar a ceol, idir spás anála agus chóiriú níos teirce.

“Scríobh mé go leor de na hamhráin seo taobh amuigh. Ar an trá, amuigh ag siúl. Fiú na gaothuirlisí adhmaid – tá an fhuaim níos earthy, ceapaim.”

Is minic go n-ainmnítear carachtair agus eachtraí ina scéalaíocht. Gníomh leochaileach – ní hamháin don scríbhneoir ach d’ábhar na n-amhrán. “Na daoine faoina mbím a scríobh anois, tá siad tábhachtach dom. Bím aireach air sin.”

An ghné thaibhsiúil nó bhrionglóideach a bhaineann lena ceol úr, ligeann sin dá peann sceitsí a tharraingt i línte doiléire. Áit a raibh fíricí scéil lárnach ar albaim roimhe seo, tá mothúcháin á treorú anois. Leagan den fhírinne: “sin téama eile a tháinig tríd an albam seo… bíonn reacairí neamhiontaofa ann. Agus is mise an unreliable narrator!”

Déanann sí, mar reacaire, taifead ar an saol mórthimpeall. Sa singil Illinois cloistear faoin mian greim a choinneáil ar nóiméad áirithe, seachas é a ligean le sruth. Is dócha go gcabhraíonn sé go mbíonn sí timpeallaithe ag ealaíontóirí eile. B’uaigneach taithí a bheith agat nárbh fhéidir é a mhíniú dóibh siúd i do thimpeall.

“Mo thuismitheoirí nó m’aintíní, tuigeann siad nuair atáim ar an Late Late nó rud éigin. Bíonn siad like ‘wow!’. Ach mar shampla, nuair a chuala mé go mbeinn ag seinnt le Mitski san Olympia, dúirt mé le cairde agus bhí siad ‘like cé?!’ – ach rud mór ab ea é sin domsa!”

Is léir an luach a chuireann sí ar phobal agus cosa anois fúithi sa Daingean. Labhraíonn sí go ceanúil faoi charachtairí áitiúla: “tá aithne ag gach duine ar a chéile. Tom ón sauna, nó istigh in My Boy Blue, bhí siad ag iarraidh vinil le mo shíniú air. Ní fhaigheann tú sin i Nua-Eabhrac!”

Más fírinne inmheánach a fhiosraítear san albam, cé na fírinní ina gcreideann Sorcha féin?

“Bhuel in Grenadine, tá líne… [I push the pedal / I make the harmony sing]… díreach na rudaí beaga. Má théim go dtí an trá agus breathnaím ar an bhfarraige. Mothóidh mé níos fearr? An freagra é sin? Nuair a bhím sa nádúr, mothaím go bhfuil mé níos lú ansin…”

Tá suíomhanna éagsúla ina mbraitheann duine ‘beag’: i lár cathrach is éasca aireachtáil an-bheag ar bhealach a músclaíonn uaigneas. Amuigh sa bhfiantas, is ionann a bheith beag agus saoirse nó sólás: I park the car beside the gate / I watch the waves against the wall. “Agus is maith liom sin, mar ciallaíonn sin go bhfuil mo chuid fadhbanna níos lú freisin.”

Foclóir

Cumadóir = composer

Compordach = comfortable

Caolchúiseach = subtle

Muinín = confidence

Eochair = key

Gaothuirlisí = wind instruments