Is gearr go mbeidh pobail ó bhun go barr na tíre ag ceiliúradh Oíche Chultúir 2026 agus neart imeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta beartaithe an Aoine bheag seo, 18 Meán Fómhair.

Níl dabht ar bith go mbeidh an ceol i gcroílár an cheiliúrtha sa phríomhchathair i mbliana agus scoth na n-ealaíontóirí le teacht le chéile ag imeacht speisialta saor in aisce de chuid Raidió na Life i dteach tábhairne Cleary’s ar Shráid Amiens. Tabharfar ardán do chuid de na hainmneacha is mó sa cheol Gaelach – Torby, Saibhin, hHH agus Cúán de Búrca ina measc. Chomh maith leis sin, beidh Trad Dioscó ar siúl ar champus Naomh Pádraig do dhuine ar bith a bhfuil fonn damhsa orthu ar an oíche.

Cuirfear spotsolas ar Bhuaiteoir Shean-Nós na mBan 2025, Clíona Ní Ghallachóir, ag oíche amhránaíochta i Leitir Ceanainn agus spreagtar ceoltóirí na háite a gcuid uirlisí a thabhairt leo agus a bheith páirteach san imeacht fosta. Más i nGaeltacht Thír Chonaill a bheidh tú, beidh imeacht speisialta saor in aisce in Amharclann Ghaoth Dobhair leis an Chrann Óg agus ceoltóirí eile.

Is imeacht pobail é Bop ar an tSráid a dhéanfaidh ceiliúradh ar an cheol agus ar an teanga ag Ionad Pobail Chill Chiaráin. Beidh beárbaiciú, dioscó Gaelach agus léirithe beo ó cheoltóirí áitiúla le saibhreas agus éagsúlacht cheol Chonamara Láir a chur os chomhair an phobail. Cuirfear oíche amhránaíochta ar an sean-nós Ó Bhéal go Béal ar an ardán i Seanscoil Sailearna faoi stiúir Shíle Denvir agus tá ard-oíche geallta ansin fosta.

Imeachtaí iontacha trí mheán na Gaeilge fud fad na tíre

I measc na n-imeachtaí eile a bheidh ar siúl an Aoine bheag seo beidh Sí Gong, comhoibriú cruthaitheach idir an teiripeoir fuaime Ann Casey agus an file Julie Goo a bheidh ar siúl i gCathair Chorcaí. Léireoidh an bheirt filíocht nua-aimseartha na Gaeilge le fuaimeanna leighis agus le cuisle leictreonach.

Beidh roinnt imeachtaí acadúla ar siúl fud fad na tíre chomh maith, cosúil le ranganna beaga saor in aisce san Araibis, sa Chróitis, sa Ghaeilge, san Fhionlainnis, sa Fhraincis, san Ísiltíris, sa Pholainnis, sa Phortaingéilis, sa tSeapáinis, agus i dTeanga Chomharthaíochta na hÉireann. Is mar chuid d’Oíche Chultúir agus Lá Eorpach na dTeangacha a bheidh na ranganna sin ar siúl i dTeach na hEorpa i mBaile Átha Cliath.

Beidh ceardlann spraíúil ar siúl i Muineachán le deis a thabhairt do dhaoine na hamhráin is ansa leo a aistriú go Gaeilge. Beidh ceol beo, comhairle phraiticiúil agus deis d’amhrán féin a cheol ag an deireadh.

Gheobhaidh muintir Luimnigh spléachadh ar an seanchóras scríbhneoireachta ogham ag ceardlann ar leith i gColáiste Mhuire gan Smál agus beidh deis acu foghlaim faoin stair agus tábhacht a bhaineann leis an chóras, na litreacha éagsúla agus an ceangal atá acu leis an dúlra agus leis an chultúr Gaelach.

Is féidir amharc ar liosta na n-imeachtaí Gaeilge ar fad ar culturenight.ie.

Deis do chéimithe tús a chur le gairm sna meáin le Fíbín Media

Tá an comhlacht léiriúcháin Fíbín Media ag iarraidh cur lena chriú agus deis ar leith á fógairt do chéimí “uaillmhianach” a bhfuil grá don Ghaeilge agus suim sna meáin acu.

Oibreoidh an céimí seo go lánaimseartha leis an fhoireann bainistíochta, léiritheoirí agus comhpháirtithe seachtracha chun ábhar nua Gaeilge a fhorbairt. Gheobhaidh siad taithí ar gach gné den phróiseas léiriúcháin – tobsmaointeoireacht, scríbhneoireacht, eagarthóireacht agus iarléiriúchán ina measc. Chomh maith leis sin, cuirfear deis ar fáil dóibh bualadh le daoine gairmiúla san earnáil agus tús a chur lena n-aistear féin sna meáin.

Tá Fíbín sa tóir ar dhuine a bhfuil céim sa Ghaeilge nó disciplín ábhartha eile acu chomh maith le heolas den scoth acu ar chraoltóireacht Ghaeilge agus ardáin dhigiteacha.

Ag caint di le Scéal an tseachtain seo, dúirt Katelyn Hayes, Láithreoir agus Léiritheoir le Fíbín Media, go mbeidh “an céimí seo ag obair taobh thiar den cheamara ar thograí éagsúla ó thús go deireadh, ag foghlaim ó na léiritheoirí agus faoi na róil ar leith a bhíonn ag gach duine ar seit.

“Beidh taithí phraiticiúil i gceist leis an ról freisin, go mbeidh an deis ag an duine dul amach ar an mbóthar agus go bhfeicfidh siad cén chaoi a n-oibríonn gach duine lena chéile. Níl taithí ar bith ag teastáil don ról ach tá sé tábhachtach go bhfuil siad ag iarraidh níos mó a fhoghlaim faoin earnáil.”

Tá go dtí an 24 Meán Fómhair ag céimithe cur isteach ar an ról seo agus níl le déanamh ach CV a sheoladh chuig [email protected].

Spotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha – The Mary Wallopers

Tá na Wallopers le cluinstin ar aerthonnta na hÉireann le roinnt mhaith blianta anuas, agus más aon chomhartha é an t-aistear a bhí acu i saol an cheoil go dtí seo, tá 2027 den scoth i ndán dóibh! Faigheann an grúpa inspioráid ó cheol tíre agus traidisiúnta na hÉireann agus meascann siad liricí cumhachtacha le rithim phuncach phreabach – meascán ar leith a sheasann amach sna cairteacha agus a dhéanann ceannródaithe den bhanna.

Eiseofar an tríú halbam s’acu, Paddywhackery, ag deireadh na seachtaine seo agus tabharfaidh na Mary Wallopers faoi shraith ceolchoirmeacha rúnda ón oíche anocht (15 Meán Fómhair) go lá an tseolta (18 Meán Fómhair). Caith súil ar @marywallopers ar na meáin shóisialta má tá tú sa tóir ar thicéad, mar go nochtfar sonraí gach ceolchoirme ar an lá féin.