D’oscail an scoil Dé Luain ar láthair Synge Street CBS, meánscoil iomráiteach i mBaile Átha Cliath 8

Tá na doirse oscailte ag Gaelcholáiste Synge i gcathair Bhaile Átha Cliath den chéad uair an tseachtain seo, agus tús curtha le ré úr i stair an Ghaeloideachais sa chathair.

Triúr daltaí atá cláraithe don chéad bhliain sa Ghaelcholáiste i láthair na huaire, agus bhí an chéad lá ag na déagóirí ar a scoil úr an tseachtain seo.

Tá an scoil lonnaithe ar láthair Synge Street CBS, meánscoil iomráiteach i mBaile Átha Cliath 8, agus athróidh an mheánscoil sin go hiomlán go Gaelcholáiste anois as seo go ceann cúpla bliain mar gheall ar an éileamh a bhí ar an Ghaeloideachas sa cheantar cathrach seo.

Thug Medb Ní Fhearghail, Príomhoide Tánaisteach Ghaelcholáiste Synge, le fios do Sheachtain go raibh siad “sceitimíneach faoin chéad lá Dé Luain. Tá na scoláirí ag teacht isteach chun an mheánscoil a fheiceáil, beidh cúpla cluiche againn leo agus seisiúin eolais do na tuismitheoirí.”

De réir pholasaithe na scoile, “ní gá bunscolaíocht a bheith faighte ag páiste i nGaelscoil chun freastal ar an nGaelcholáiste; osclaímid ár ndoirse do gach páiste a bhfuil suim aige nó aici i bhfoghlaim trí mheán na Gaeilge”.

Dúirt Medb Ní Fhearghail, arbh as Gaillimh í ó dhúchas, gur lá stairiúil a bhí ann don Ghaelcholáiste mar “go raibh an scoil (Synge Street CBS) ann ó 1864, seo an chéad uair anois a bheas cailíní ag teacht isteach, agus is Gaelcholáiste nua atá ann. Bhí feachtas fada againn, ceithre bliana ag feachtasaíocht sa cheantar seo le Gaelcholáiste a bhunú.

“Anois, tá a lán daoine an-sásta go bhfuil Gaelcholáiste anseo i mBaile Átha Cliath 8.”

Beidh ochtar múinteoirí sa Ghaelcholáiste, agus deir Ní Fhearghail “de bharr go bhfuil meánscoil tré Bhéarla ag feidhmiú píosa eile, is féidir a bheith ag múineadh sa dá scoil, agus mar sin beidh níos mo ábhair scoile ar fáil againn.”

Ar dhuine de na daoine sin a bhí ag tnúth leis an lá, bhí Paul O’Neill, a chinn a mhac Kevin a chur go Gaelcholáiste Synge.

“Bhí sé mar dhálta sa bhunscoil trasna an chlóis, agus theastaigh uainn go leanfadh sé lena chuid oideachais tré mheán na Gaeilge anseo sa scoil nua,” a dúirt sé.

Dúirt Paul go raibh siad mar thuismitheoirí ag fiosrú na bhféidearthachtaí eile oideachais “níos faide ó bhaile uainn, ach an turas ón teach chun na scoileanna sin, bheadh sé ró-fhada ar Kevin, agus b’fhearr linn dá mbeadh an t-am sin ag dul chuig cúrsaí staidéir”.

Bhain meas ar an Ghaeilge le cinneadh mhuintir O’Neill a mac a chlárú i nGaelcholáiste, a deir sé. “Bhí aiféala orm féin i gcónaí nach raibh agam ach na cúpla focal, agus le dhul i ngleic leis sin, chinn muid ár mac a sheoladh chun na scoile anseo, le go mbeadh an teanga aige.”

Ba é Kevin an chéad dalta lena ainm a chlárú sa scoil, agus deir a athair nár chuir sé as dóibh mar thuismitheoirí nach bhfuil ach triúr daltaí cláraithe don scoilbhliain seo.

“Bhí rud beag imní orainn ach, tá mé cinnte go méadóidh an tsuim sa scoil seo anois.”

Deir an Príomhoide Tánaisteach Medb Ní Fhearghail go mbeidh “an scoil Bhéarla diaidh ar ndiaidh ag imeacht, agus an Gaelcholáiste ag tógáil na háite sin.

“Tá an chéad bhliain againn sa Ghaelcholáiste anois, agus an bhliain seo chugainn ní bheidh aon ranganna Béarla ag teacht isteach. Beidh triúr ag tosú i mbliana, tá muid ag breathnú go dtí an bhliain seo chugainn, agus ag súil go mbeidh méadú mór ar na huimhreacha sin.

“Tá oíche oscailte againn ar an 29 Meán Fómhair, agus ba mhaith linn aon tuismitheoir gur mhaith leo a bpáiste a chur anseo a theacht chugainn.”

Dúirt tuismitheoir eile, Karen, gur chinn sí a hiníon Sophia Ní Dhuibhne a chur chun na scoile mar gheall ar “chomh bríomhar agus atá an Ghaeilge mar theanga faoi láthair, tá rudaí speisialta ag tarlú, agus is deis iontach seo do dhaoine óga iad féin a thumadh sa teanga”.

Dar léi gur “deis ar leith atá ann oideachas tré Ghaeilge a bheith ar fáil anseo i gCathair Átha Cliath, agus ní thig a dhiúltú!”

“Lá stairiúil atá ann,” a dúirt Karen, mar go raibh sin-sin-seanathair a hiníne mar dhalta ar Synge Street, “agus d’oibir seisean leis an Roinn Oideachais ansin. Bhí ról lárnach aige fosta i mbunú An Gúm, an comhlacht foilsitheoireachta Gaeilge”.

Dar le Karen gur “rud an-tábhachtach seo dár gclann, go bhfuil Sophia ag leanstan leis an nasc seo le cúrsaí Gaeilge, agus gurb í an chéad chailín atá cláraithe sa scoil i nGaelcholáiste Synge”.

Deir sí go raibh a hiníon mar dhalta i “Scoil Lios na nÓg i Raghnallach, scoil speisialta, a thug tús iontach don Ghaeilge. Bhog muid í ó scoil Bhéarla go Lios na nÓg, le deiseanna a thabhairt di leis an teanga”.

Is léiriú an tseachtain mhór seo do Ghaelcholáiste Synge ar an obair leanúnach atá ar siúl le hardán a thabhairt d’oideachas trí Ghaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath, dar le Medb Ní Fhearghail.

“Sa cheantar seo, tá timpeall ocht nGaelscoil ann, Bunscoil Synge, Gaelscoil Eoin, ach níl aon Ghaelcholáiste sa cheantar seo go dtí anois. Chuir an Roinn Oideachais a lán airgid isteach sa mheánscoil úr againn, tá seomraí úra eacnamaíochta baile ann, seomraí nua ranga, leithris na gcailíní sin rud nua, tá a lán sceitimíní orainn agus muid ag tnúth le tús a chur leis an aistear seo.”

Bhí campa ag an Ghaelcholáiste “i rith an tsamhraidh, bhí os cionn 30 scoláire ag an gcampa, bhí gníomhaíochtaí eile againn i rith na bliana, agus tá súil agam go méadóidh na huimhreacha anois”.

Tá Ní Fhearghail dearfach faoi thodhchaí an Ghaelcholáiste agus ag súil go mbeidh na glúnta úra de dhaoine óga ag fáil a gcuid teagaisc ann.

“Is dóiche go bhfuil sé i gcónaí deacair tús a chur le scoil, ach tá mé an-sásta go bhfuil tuismitheoirí ann atá ag iarraidh tacú, atá ag tacú le Gaelcholáiste. Tá mé an-bhuíoch de na tuismitheoirí sin as an nGaelcholáiste a chur chun cinn.”