Níor shamhlaigh Aedín Ní Thiarnaigh riamh go mbeidh sí ag cur fúithi ar oileán mara; tá sult as cuimse bainte aici as ar feadh cúig bliana anois

Cothrom an lae seo cúig bliana ó shin, thug mé faoi aistear a d’athraigh mo shaol ó bhonn. Phacáil mé mo chuid málaí, d’fhág mé slán ag mo mhuintir agus thug mé aghaidh ar Inis Meáin na Gaillimhe le haghaidh “saoire” mhíosa.

Níor chinn mé riamh go mbogfainn go dtí an t-oileán – díreach, tharla sé. Bhí mí caite agam ag bailiú béaloidis anseo i mí Bealtaine na bliana sin, agus tar éis dom an samhradh sin a chaitheamh ag obair go dian dícheallach ar an tráchtas, mheas mé go raibh saoire cheart tuillte agam, agus nach mbeadh áit ar bith ar domhan ní b’fhearr ná Inis Meáin chun mo scíth a ligean.

Ar feadh na chéad choicíse sin i ndiaidh dom filleadh ar an oileán, b’aerach ar fad an saol a bhí agam. Chodail mé cuid mhaith den am agus mé ‘dóite amach’ ceart tar éis an tráchtas a scríobh agus a chur isteach. Nuair nach mbínn i mo chodladh sámh, bhínn ag léamh ar an tolg ar feadh uaireanta fada an chloig os comhair na tine.

Nuair nach mbínn ag codladh ná ag léamh, bhínn ag siúl na mbóithre ag líonadh buicéad le ‘puiteachaí’ – sméara dubha blasta Inis Meáin.

Ní raibh aithne cheart agam ar aon duine ar an oileán i ndáiríre, seachas corrdhuine ar chuir mé aithne orthu le linn mo chuid oibre páirce. Dá bhrí sin, chaith mé an chuid ba mhó den chéad choicís sin liom féin – ag baint lán mo shúl as an bhfarraige mhór amach romham agus mé ag déanamh iontais de ló agus d’oíche faoi áilleacht na háite.

Cúig bliana níos déanaí, tá mé fós anseo – rud nach bhféadfainn riamh a shamhlú agus mé ag pacáil na málaí an lá úd. Ní raibh aon mháistirphlean agam chun aistriú go dtí an Ghaeltacht nó saol nua a chruthú dom féin ar oileán iargúlta nach raibh gaol ar bith agam leis, ach sin é a tharla, agus is mé atá buíoch.

Braithim anois agus mé ar bhóithrín na smaointe go raibh an chéad dá bhliain ar an oileán fada go leor; mé ag cur aithne ar áiteanna nua, ar dhaoine nua agus ag dul i dtaithí ar Ghaeilge na háite (RIP blas binn na Mumhan a bhí ar mo chuid Gaeilge uair amháin!). Ach is scanrúil dom gur imigh na trí bliana ina dhiaidh sin i bhfaiteadh na súl.

Is údar dóchais dom agus mé ag féachaint siar anois na nithe aoibhne uile a thit amach le cúig bliana anuas nach raibh aon choinne agam leo, ach a bhfuil mo shaol i bhfad níos gile anois dá mbarr.

Níor shamhlaigh mé riamh go mbogfainn i gceart go dtí Inis Meáin, go rachadh an t-oileán agus an pobal chomh mór sin i bhfeidhm orm agus go ndéanfainn cairde buana anseo a bheidh liom feadh mo shaoil.

Ó thaobh na hoibre de, tá mo shaol athraithe go mór freisin ó thug mé faoin tsaoire chinniúnach úd go dtí Inis Meáin. Níor shamhlaigh mé riamh go mbeinn i mo mhúinteoir (go deimhin, bhí ráite agam go mion minic nach dtabharfainn faoin múinteoireacht riamh!) ach féach anois orm agus mé sona sásta ag múineadh liom ar chúrsaí Gaeilge do dhaoine fásta chuile shamhradh, chomh maith le rang seachtainiúil a mhúineadh dóibh siúd a bhog isteach san oileán agus ar mhian leo a gcuid Gaeilge a fheabhsú.

Ní raibh coinne agam le mo ghnó féin a bhunú ach an oiread, agus ba ar Inis Meáin a moladh dom amhlaidh a dhéanamh. Tá Bláthanna Fiáine Wildflower Walks ar an bhfód le breis agus ceithre bliana anuas agus bhain mé sásamh iontach as scéalta faoi bhéaloideas na mbláthanna a chloisteáil agus a roinnt leis na céadta daoine a rinne turais liom le blianta anuas.

Níor shamhlaigh mé go mbeadh an scríbhneoireacht ina cuid chomh mór de mo shaol ach an oiread, agus comóradh mór eile ag druidim linn i mí na Samhna nuair a bheidh trí bliana caite agam ag cur peann le pár chuile sheachtain don cholún seo!

Iontas mór eile a bhain díom mar gheall ar mo bhogadh mór go dtí Inis Meáin, nach gcreidfinn dá ndéarfaí liom cúig bliana ó shin go dtarlódh sé – ná gur thit mé i ngrá le seanchara liom. Níl baint ná páirt ag an bhfear céanna leis an oileán, agus muid beirt ón mbaile céanna i Loch Garman, ach nuair a bhog seisean go cathair na Gaillimhe thart ar an am céanna agus ar bhog mise go dtí an t-oileán, chuireamar aithne as an nua ar a chéile agus athraíodh an saol dúinn beirt. Is iomaí cor a chuireann an saol de, bí cinnte!

Ní bhíonn a fhios againn ariamh cad atá i ndán dúinn. Níl clú ar bith agamsa cad a bheidh romham sna chead chúig bliana eile, ach má bhíonn siad leath chomh maith leis na cúig bliana seo a chuaigh thart – beidh mé ag tnúth go mór leis an méid atá le teacht!