Tá brú á chur ar Choimisiún na Mórshiúlta mar gheall ar iarratas ó Lóiste Oráisteach Cheantar Phort an Dúnáin ar mhórshiúl a eagrú ar Bhóthar Gharbhachaidh an 27 Meán Fómhair.

Níor ceadaíodh mórshiúl ar an bhóthar sin le 29 mbliana anuas, agus ba iad an chonspóid agus an t-achrann a bhain le paráidí sa dúiche ba chúis le bunú an Choimisiúin sa chéad dul síos.

Tá an cheist athoscailte ag an Ord Oráisteach tar éis rialú ón Ard-Chúirt inar cinneadh go raibh locht ar phróiseas cinnteoireachta an Choimisiúin maidir le hiarratas a rinneadh filleadh ar an ‘bhealach traidisiúnta’ ó Eaglais Dhroim Crí, trí cheantar ina bhfuil tromlach na gcónaitheoirí ina náisiúnaithe.

Dar leis an Ord Oráisteach agus le polaiteoirí aontachtacha ón DUP agus ón TUV gur bua ollmhór é an cás seo d’aontachtóirí agus gur chóir go gceadófaí iarratais ar mhórshiúl a reáchtáil ar an bhóthar amach anseo. Dúirt Carla Lockhart, Teachta Parlaiminte an DUP sa cheantar, go bhfuil athchothromú cearta de dhíth ó tharla cearta na n-aontachtóirí sa cheantar a bheith curtha faoi chois ar an cheist seo le fada.

Níor ceadaíodh aon iarratas ón Ord Oráisteach ar mhórshiúl a dhéanamh ar Bhóthar Gharbhachaidh ó 1998 i leith. Ó shin, tá srianta curtha ag an Choimisiún ar an bhealach abhaile atá ceadaithe don mhórshiúl traidisiúnta a dhéanann an lóiste áitiúil de chuid an Oird Oráistigh gach mí Iúil.

Tháinig na srianta seo i bhfeidhm mar gheall ar thréimhse fhoréigneach thubaisteach sna blianta roimhe sin a thit amach tar éis gur diúltaíodh don Ord máirseáil tríd an cheantar náisiúnach i bPort an Dúnáin.

Bunaíodh Coimisiún na Mórshiúlta le dul i ngleic leis na ceisteanna seo agus chun smacht agus ord a chur ar na mórshiúlta nuair is cuí. Is féidir leo srianta a chur ar threo na mórshiúlta agus ar an cheol a sheinntear lena linn, in am nó in áit ar leith.

Bíonn na mílte mórshiúl ag lóistí de chuid an Oird Oráistigh gach bliain sa Tuaisceart agus reáchtáiltear an mhórchuid acu go síochánta agus le cead an Choimisiúin. Tréimhse na mórshiúlta Oráisteacha ná idir mí Aibreáin agus mí Lúnasa agus is thart ar an 12 Iúil a eagraítear a bhformhór.

Ag eascairt as rialú na hArd-Chúirte, tá éilimh á ndéanamh ag polaiteoirí aontachtacha go n-éireodh baill an Choimisiúin as a bpoist. D’éirigh ball amháin den Choimisiún, Billy Gamble, as a ról ar an Choimisiún cheana féin, ach tá na baill eile, agus an Cathaoirleach ina measc, fós ina róil.

Tá ráite ag Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Bryant, go bhfuil a chuid tacaíochta ag na Coimisinéirí eile atá fós ina róil agus gur féidir leo leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre. Go fóill féin, tá dlús curtha le próiseas chun ceapacháin úra a dhéanamh don Choimisiún. Tiocfaidh deireadh le tréimhse oifige na gCoimisinéirí reatha i Márta na bliana seo chugainn mar chuid de ghnáth-thimthriall na heagraíochta, agus ceapfar baill úra roimh i bhfad ar aon nós.

Cé gur tugadh tacaíocht iomlán do na Coimisinéirí reatha, d’iarr Bryant ar an Choimisiún a léiriú cén dóigh a dtabharfar aghaidh ar na ceisteanna agus ar na bearnaí a ardaíodh sa chás Ard-Chúirte, agus plean a chur le chéile chun muinín an phobail a chothú san eagraíocht. Ina theannta sin, tá athbhreithniú neamhspleách fógartha aige maidir leis na modhanna oibre agus leis an chur chuige atá taobh thiar de chinnteoireacht an Choimisiúin. Chuir Coimisiún na Mórshiúlta fáilte roimh an tacaíocht seo ón Státrúnaí agus dúirt go mbeadh siad ag comhoibriú leis an athbhreithniú neamhspleách.

Cé gur chuir ceannaire an DUP, Gavin Robinson, fáilte roimh an athbhreithniú, dúirt sé go mbeadh súil ghéar aige ar na mionsonraí. Dúirt sé chomh maith gur gá go mbeadh muinín na bpobal i dTuaisceart na hÉireann as Coimisiún na Mórshiúlta, agus nach gcreideann sé gur féidir leis an Choimisiún an mhuinín sin a chothú.

Deir Sinn Féin go bhfuil an cheist seo dúnta agus go bhfuil siad in aghaidh iarratais nua ar an mhórshiúl seo. Dar leo, toisc nach bhfuil tacaíocht na gcónaitheoirí sa cheantar ag a leithéid de mhórshiúl, gur chóir go mbeadh an cheist seo as an áireamh anois.

Dúirt Comhalta Tionóil de chuid Sinn Féin, John O’Dowd, go bhfuil stair na mórshiúlta seo sáite i bhforéigean, seicteachas agus bás, agus nach dtuigeann sé cén fáth a mbeadh a leithéid d’iarratas á dhéanamh ar mhórshiúl a bhrú ar an phobal náisiúnach i bPort an Dúnáin a d’fhulaing go mór thar na blianta.