Thug príomh-aire na Breataine Andy Burnham cuairt ar Thuaisceart Éireann an tseachtain seo caite, an chéad uair dó a bheith in Éirinn ó ceapadh é sa ról mór. Rinne an Státrúnaí nua don Tuaisceart, Chris Bryant, amhlaidh roinnt laethanta roimhe. Agus iad sna róil seo le cúig seachtaine anuas, tá Burnham agus Bryant beirt ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna atá le réiteach le polaiteoirí Chnoc an Anfa. Cé gur labhair an dís acu go dearfach le linn a gcuairteanna, níl aon amhras ach go bhfuil dúshláin mhóra ag carnadh rompu.
Labhair Bryant le linn a chuairte faoi na féidearthachtaí eacnamaíochta a eascraíonn ó Chreatlach Windsor, ar an dul chun cinn eacnamaíochta atá bainte amach le roinnt blianta anuas, agus ar na samplaí iontacha den chomhoibriú atá feicthe le tamall anuas, ar nós an ratha a bhí ar Fhleadh Cheoil na hÉireann a reáchtáladh i mBéal Feirste i mí Lúnasa.
Cúpla lá i ndiaidh chuairt Bryant, tháinig Burnham anseo mar chuid de ‘chamchuairt éisteachta’ atá ar siúl aige sna réigiúin déabhlóidithe. Bhuail sé le ceannasaithe na bpáirtithe ar fad agus, cé go raibh iarrachtaí á ndéanamh aige cuma dhearfach a choinníoll ar na cruinnithe, tá sé ríshoiléir go bhfuil tosaíochtaí éagsúla ag na páirtithe ar fad ag an phointe seo.
Ní nach ionadh nár aontaigh ceannasaithe na bpáirtithe náisiúnacha leis an seasamh seo agus gur tugadh freagraí láidre air dá réir.
Go nádúrtha, ba í príomhthosaíocht an Státrúnaí ná buiséad Chnoc an Anfa atá fós le haontú, cé go bhfuil cúig mhí den bhliain airgeadais curtha i gcrích cheanna féin. Níor aontaíodh an dréacht-bhuiséad a cuireadh os comhair an Fheidhmeannais i mí Eanáir na bliana seo, agus tá gannchion £1.6 billiún le líonadh ag na Rannóga Feidhmeannais dar le foras fáire airgeadais.
Tá siar is aniar ann ó shin idir Cnoc an Anfa agus Westminster, le polaiteoirí an Fheidhmeannais ag maíomh nach bhfuil a dhóthain airgid ar fáil chun seirbhísí poiblí a mhaoiniú i gceart, ach Rialtas na Breataine docht daingin go bhfuil sé in am don Fheidhmeannas cur chuige nua a ghlacadh maidir le sábháiltí a dhéanamh agus ioncam a ghiniúint. Tá an éiginnteacht seo ag cothú go leor aighnis idir na páirtithe móra, agus gan aon chuma ar an scéal go réiteofar an cheist am ar bith go luath, go háirithe mura mbíonn Westminster toilteanach cuidiú a sholáthar dóibh.
Ceist eile a tháinig aníos an tseachtain seo caite ná cinneadh na hArdchúirte maidir le Coimisiún na Mórshiúlta agus na cinntithe a rinne an Coimisiúin i dtaca le hiarratas an Oird Oráistigh mórshiúl áirithe a eagrú i nDroim Crí. Tá scéal fada brónach taobh thiar de chonspóid na paráide seo agus is léir ó na ráitis láidre atá déanta ag ceannasaithe aontachtacha go bhfuil sé ar intinn acu an cheist a oscailt in athuair, cibé rud a chiallaíonn sé sin do chaidreamh pobail sa cheantar.
Seo cuid de na dúshláin atá ag teacht aníos le linn na hama i bpolaitíocht an Tuaiscirt, agus in ainneoin na n-iarrachtaí a rinne idir Burnham agus Bryant labhairt faoin dul chun cinn dearfach atá ag tarlú, ní féidir a shéanadh go bhfuil an caidreamh laistigh den Fheidhmeannas faoi bhrú agus go bhfuil teannas ag ardú idir na príomhpháirtithe.
Sular thosaigh Burnham sa ról mar phríomh-aire dúirt sé go minic go gcreideann sé gur chóir go ndéanfaí cinntithe a chóngaraí agus is féidir do na daoine a mhothóidh na himpleachtaí a eascróidh astu. Fós féin, cé go raibh Burnham i mBéal Feirste agus é de sprioc aige an tábhacht a bhaineann leis na hinstitiúidí deabhlóidithe a léiriú, ní hé sin an scéal a d’fhág sé ina dhiaidh. A mhalairt a bhí fíor.
Agus é ag labhairt ar an chur chuige oscailte a bheadh aige maidir le cúrsaí a phlé le polaiteoirí an Tuaiscirt, dúirt Burnham nach mbeadh aon chaint maidir le reifreann ar athaontú na hÉireann ag tarlú le linn a thréimhse in Uimhir 10. Dúirt sé go gcothaíonn reifrinn dá leithid aighneas agus go bhfuil tosaíochtaí eile le dul i ngleic leo ar dtús.
Ní nach ionadh nár aontaigh ceannasaithe na bpáirtithe náisiúnacha leis an seasamh seo agus gur tugadh freagraí láidre air dá réir. Dúirt ceannairí Shinn Féin Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill nach bhfuil sé de cheart ag príomh-aire na Breataine ábhar an athaontaithe a bhaint den bhord agus gur ceist daonlathais í is féidir a phlé gan chead nó gan bheannacht ó éinne. Agus dlús á chur leis an díospóireacht le blianta beaga anuas, bhí an chuma ar Burnham go raibh sé ag déanamh beag is fiú de na tuairimí atá ag go leor daoine anseo, agus do na forálacha atá i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Cé gur tháinig an bheirt pholaiteoirí nuacheaptha chuig an Tuaisceart le fuinneamh agus meon dearfach, níl aon fhreagraí simplí ar na ceisteanna atá os a gcomhair i láthair na huaire agus ní cuidiú ar bith é an cur i gcéill go bhfuil. Beidh orthu na dúshláin a aithint, a ainmniú agus dul i mbun plé leis na páirtithe más mian leo muinín na bpáirtithe sa Tuaisceart a thabhairt leo.
Foclóir
an dís acu = the pair of them
ag carnadh = accumulating
dréacht-bhuiséad = draft budget
cibé = whatever
séanadh = deny
amscaíocht = clumsiness